Is é an Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumann Tionscail agus Soláthair (an RBO) an áit lárnach chun gach faisnéis reachtúil a sheoladh isteach chuici maidir le hÚinéireacht Thairbheach cuideachtaí Éireannacha agus Cumann Tionscail agus Coigiltis (IAPanna) faoin 4ú agus an 5ú Treoir an AE um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac.
Déileálann an tAonad RBO le seoladh isteach agus clárú na sonraí uile maidir le húinéireacht thairbhiúil i gcás cuideachtaí agus I&Panna agus lena gcur ar fáil ar bhealach teoranta lena n-iniúchadh ag an bpobal, ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (FIUanna), ag Údaráis Inniúla Stáit, ag oifigigh um chomhlíonadh agus ag eintitis eile faoi oibleagáid.
Is é Ráiteas Misin an RBO ardleibhéal comhlíontachta a chinntiú maidir le comhdú, agus a chinntiú go gcomhlíonann an fhaisnéis a chuirtear ar fáil dúinn na forálacha reachtúla ábhartha agus go dtugann an fhaisnéis a sholáthraímid léiriú cruinn ar an méid a chuirtear ar fáil dúinn.
Tá an tAonad RBO tiomanta do sheirbhís den scoth a sholáthar dár gcustaiméirí agus chun feabhas leanúnach a chinntiú maidir le caighdeán na seirbhíse a chuirimid ar fáil.
Is é gnó na hOifige úinéireacht thairbhiúil gach cuideachta agus I&P Éireannach a chlárú agus sonraí den sórt sin a chur ar fáil ar bhonn teoranta. Déanfaimid ár ndícheall:
- Sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil idir nua agus leasaithe a chlárú laistigh de 10 lá oibre
- Gach Ábhar Sonraí a chur ar an eolas laistigh de 10 lá oibre i gcásanna ina dtarlaíonn earráid sa phróiseas chun faisnéis a sheoladh isteach - Litreacha le seoladh faoi shaincheisteanna laistigh de lá oibre amháin ón am a thuairiscítear aon earráidí.
- Freagra a thabhairt ar cheisteanna ríomhphoist laistigh de 10 lá oibre.