© 2019-2020 Clár Lárnach Úinéireachta Tairbhiúil (RBO). Gach ceart ar cosaint.
Cosaint Sonraí | Cairt Chustaiméirí | Léarscáil an tSuímh | Polasaí & Fianán Príobháideachta | Cumarsáid Dhigiteach
Suíomh Gréasáin ag Ireland Design Design
Tá reachtaíocht ceaptha ag an Aontas Eorpach le haghaidh roinnt Treoracha maidir le Sciúradh Airgid (“AMLD”) ar a dtugtar freisin na Treoracha um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac.
Tá AMLD comhdhéanta de roinnt Treoracha an AE maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta arb iad sin
Is é an acrainm é do na Treoracha maidir le Frithsciúradh Airgid agus Maoiniú Frithsceimhlitheoireachta 4ú agus 5ú .
Is iad sin na hacrainmneach don 4ú agus don 5ú Treoracha i gcoinne Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta.
Leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) (Leasú), 2018, tá an chuid is mó den Cheathrú Treoir um Sciúradh Airgid (4MLD) de chuid an AE trasuite sa Dlí Náisiúnta.
Trasuíonn Ionstraim Reachtúil Uimhir 110 de 2019 gnéithe de 4AMLD & 5AMLD a éilíonn ar chuideachtaí agus ar chumainn tionscail agus soláthair clár inmheánach dá n-úinéirí tairbhiúla a chothabháil agus an fhaisnéis sin a chomhdú i gclár lárnach.
Is é is cuspóir an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO) muinín corparáideach agus trédhearcacht in Éirinn agus san AE a fheabhsú trína chur in iúl go soiléir do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, do rialtóirí, d'eintitis faoi oibleagáid, do ghnólachtaí eile agus don phobal cé leis agus cé a rialaíonn cuideachtaí Éireannacha agus cumainn tionscail agus soláthair (I&Panna) sa deireadh thiar.
Is é cuspóir na dTreoracha cosc a chur ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus cabhrú chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm orthu siúd siúd a cheileann a n-úinéireacht nó a gceannas ar chuideachtaí/ar chumainn Éireannacha d’fhonn gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a éascú.
Sea, Clár neamhspleách is ea an Clár lárnach um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO) atá á bhunú faoi reachtaíocht maidir le sciúradh airgid agus ní faoi dhlí na gcuideachtaí.
Caithfidh cuideachtaí/cumainn a nÚinéirí Tairbhiúla a aithint, a gcuid sonraí a choinneáil ar a gcláir inmheánacha féin agus na sonraí sin a chlárú leis an RBO. Tá sé seo sa bhreis ar a ndualgais reachtúla reatha chomhdúcháin a chomhlíonadh i leith an CRO faoi Achtanna na gCuideachtaí maidir le stiúrthóirí, scairshealbhóirí, srl. nó i ndáil le reachtaíocht eile nach mbaineann le cuideachtaí, m.sh. Cumainn Tionscail agus Soláthair
Caithfear sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil a chomhdú tríd an tairseach ar líne ar láithreán gréasáin an RBO www.rbo.gov.ie agus mar sin is próiseas é atá ar leithligh ó chlárú faisnéise/foirmeacha faoi Achtanna na gCuideachtaí srl.
Níl, ceanglaítear ar an gcuideachta/an cumann a clár inmheánach féin d’Úinéirí Tairbhiúla a chothabháil faoi mar a éilítear i gCuid 2 den Ionstraim Reachtúil 110/2019.
Ní mór aon athruithe ar liosta úinéirí tairbhiúla na cuideachta/an chumainn a chur in iúl don Chláraitheoir lárnach um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO) laistigh de 14 lá ón athrú. Sainmhínítear é seo i Rialachán 23(1) IR 110/2019 mar 'oibleagáid leantach' na n-eintiteas ábhartha.
Tá sé mar fhreagracht dhlíthiúil ar oifigigh cuideachta/cumainn (stiúrthóir(í) agus rúnaí cuideachta/cumainn) faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a fháil agus a dheimhniú, chun clár úinéireachta tairbhiúil reatha na cuideachta/an chumainn a choinneáil agus an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil atá riachtanach a sheoladh chuig an gCláraitheoir um Úinéireacht Thairbhiúil laistigh de na tréimhsí ama atá leagtha síos.
Sárú dualgais reachtúil agus cion coiriúil a bheidh ann má theipeann ar dhuine cloí leis na riachtanais seo agus féadfar pionóis a ghearradh ina leith.
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar chuideachta/chumann faoi 4AMLD, 5AMLD agus Alt 5(2) de IR 110/2019 “faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta a choinneáil maidir lena húinéirí tairbhiúla”.
Deir Rialachán 5(6) de IR 110/2019 go gcaithfidh clár inmheánach úinéirí tairbhiúla na cuideachta/an chumainn a bheith ar fáil lena iniúchadh ag aon bhall den Gharda Síochána, na Coimisinéirí Ioncaim, údarás inniúil, an Biúró um Shócmhainní Coiriúla, nó cigire de chuid Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach arna cheapadh faoi alt 764(1) d'Acht na gCuideachtaí 2014
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar chuideachta/ar chumann faoi Rialachán 5 de IR 110/2019 clár “leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta” a chothabháil d'úinéirí tairbhiúla, agus aon eintiteas ábhartha a mhainníonn an ceanglas seo a chomhlíonadh déanann sé nó sí cion agus dlífear -
Sainmhínítear Úinéir Tairbhiúil in Airteagal 3(6), 4AMLD, mar an duine nádúrtha nó na daoine nádúrtha a bhfuil eintiteas dlíthiúil ina seilbh nó faoina rialú ar deireadh thiar, trí úinéireacht dhíreach nó indíreach ar chéatadán leordhóthanach de na scaireanna nó de na cearta vótála nó trí leas úinéireachta san eintiteas, lena n-áirítear trí scaireanna a iompar, nó trí rialú ar bhealaí eile.
Áirítear orthu siúd:
“Féadfaidh a áireamh mar rialú trí mhodhanna eile, inter alia, na critéir rialaithe a úsáidtear chun críche ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú, mar shampla
Más rud é go bhfuil aonán ábhartha ina fhochuideachta faoi úinéireacht ag aonán corparáide eile, tá duine/daoine nádúrtha a bhfuil scairsheilbh 25% móide scair amháin acu nó a bhfuil an méid sin faoi rialú acu, nó leas úinéireachta de bhreis agus 25% sa mháthair-aonán corparáide acu, ina úinéir tairbhiúil/ina n-úinéirí tairbhiúla den fhochuideachta.
Más rud é go bhfuil aonán ábhartha ina fhochuideachta faoi úinéireacht ag aonáin chorparáide iolracha, luaitear in Airteagal 3(6), 4AMLD, go mbeidh scairsheilbh 25% móide scair amháin, nó leas úinéireachta níos mó ná 25% i bhfochuideachta i seilbh aonáin chorparáide iolracha atá faoi rialú ag an duine/na daoine nádúrtha céanna, ina chomhartha d’úinéireacht thairbhiúil indíreach.
I ndeireadh na dála, is é nó í an duine nádúrtha nó na daoine nádúrtha a gcaithfear a aithint agus a iontráil ar an RBO mar úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla na cuideachta/an chumainn, is cuma cé mhéad sraitheanna úinéireachta atá i struchtúr na cuideachta/an chumainn. Ní féidir ainm cuideachta/cumainn eile a iontráil ar an RBO.
Más rud é, tar éis gach modh féideartha a bheith ídithe agus ar choinníoll nach bhfuil aon chúis drochamhrais ann, nach n-aithnítear aon duine nádúrtha mar úinéir tairbhiúil, nó má bhíonn amhras ann nach é nó í an duine/nach iad na daoine a aithníodh an t-úinéir/na húinéirí tairbhiúla, is é an duine nádúrtha nó na daoine nádúrtha a bhfuil post mar oifigeach sinsearach bainistíochta nó mar oifigigh shinsearacha bainistíochta aige/aici/acu a thaifeadfar san RBO mar an úinéir tairbhiúil. (Rialachán 5(4) IR 110/2019). Coinneoidh eintitis ábhartha taifid ar na bearta a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint (Rialachán 5(5), IR 110/2019)
Má bhíonn amhras ann, ba cheart do chuideachta/chumann comhairle dlí a lorg chun cuidiú leo a dheimhniú cé hiad na húinéirí tairbhiúla.
Rinneadh an ceanglas atá ar eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlíthiúla ("cuideachtaí/cumainn") a gcláir úinéireachta tairbhiúla féin a shealbhú a thrasuí i ndlí na hÉireann trí Ionstraim Reachtúil Uimh. 110 de 2019. Tá an t-eolas seo a leanas riachtanach do gach Úinéir Tairbhiúil:
Ní mór don chuideachta/don chumann na sonraí céanna a iontráil oifigeach sinsearach bainistíochta a rialaíonn an chuideachta/an cumann agus a n-ainmneacha a iontráil ina gclár inmheánach féin agus san RBO. Coinneoidh eintitis ábhartha taifid de na bearta a dhéanfar chun a n-úinéirí tairbhiúla a aithint (Rialachán 5(5) de RI 110/2019).
Ba cheart do chuideachtaí iad féin a chur ar an eolas faoina bhfreagrachtaí arna leagan amach in Ionstraim Reachtúil Uimh. 110/2019
Ba cheart do chuideachtaí agus dá ngníomhairí a bheith ar an eolas chomh maith faoina bhfreagrachtaí faoin RGCS maidir le sonraí pearsanta ar bith atá acu i ndáil le húinéirí tairbhiúla a chosaint.
Ba cheart d'aonáin a gcomhairle/a barúil dlí féin a lorg chun lena chinntiú go gcomhlíontar an méid seo.
*Ní mór an céadainm & an sloinne a iontráiltear i dTairseach an RBO a bheith díreach mar mar an t-ainm cláraithe go dlíthiúil mar ainm an duine nádúrtha, .i. an t-ainm atá cláraithe ar d'Uimhir PSP leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Forchoimeádann an Cláraitheoir an ceart aon aighneacht a dhiúltú sa chás nach bhfuil an t-ainm a cuireadh isteach ar an gClár RBO ar aon dul leis an ainm atá cláraithe ar d’Uimhir PSP leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Éilíonn 4AMLD ar gach aonán corparáideach agus dlíthiúil (seachas cuideachtaí atá liostaithe ar mhargadh rialáilte*), lena n-áirítear Iontaobhais, cistí Infheistíochta agus Cumainn Tionscail agus Soláthair sonraí a choinneáil ar a gclár inmheánach féin maidir lena n-úinéireachtaí tairbhiúla.
Ní bheidh sé de cheangal ach ar CHUIDEACHTAÍ AGUS AR CHUMAINN TIONSCAIL AGUS SOLÁTHAIR sonraí a chomhdú leis an gclár lárnach um úinéireacht tairbhiúil (an RBO).
* Ní cheanglaítear ar chuideachta atá liostaithe ar mhargadh rialáilte atá faoi réir ceanglas nochta i gcomhréir le dlí an Aontais nó atá faoi réir caighdeán idirnáisiúnta coibhéiseach a chinntíonn trédhearcacht leordhóthanach faisnéise úinéireachta sonraí úinéireachta tairbhiúla a chomhdú leis an RBO.
Ní haonán é “brainse” atá corpraithe in Éirinn. Ar an ábhar sin ní éilítear ar bhrainse sonraí úinéireacht thairbhiúil a chomhdú leis an RBO. Más brainse seachtrach d'eintiteas corpraithe an AE an brainse, is dócha go mbeidh oibleagáidí maidir le húinéireacht thairbhiúil ar an eintiteas sin i dtír a chorpraithe.
Is féidir le hoifigeach nó le fostaí na cuideachta/an chumainn oibleagáid na cuideachta/an chumainn a chomhlíonadh tríd an bpróiseas clárúcháin a chur i gcrích ar Thairseach Chlárúcháin ar líne RBO (an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil) (Rialachán 21(3).
Sa bhreis air sin, is féidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a sheachadadh chuig an gCláraitheoir ag duine (dá dtagraítear san Ionstraim Reachtúil mar ‘an láithreoir’) atá ag gníomhú thar ceann na cuideachta/an chumainn (Rialachán 22(1)).
Éileofar ar gach cuideachta/cumann na sonraí a leanas a sheachadadh maidir leis an oifigeach/fostaí/láithreoir a dhéanann sonraí a chomhdú thar a c(h)eann leis an RBO: ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus sonraí na cáile ina bhfuil siad ag gníomhú. Nuair nach duine nádúrtha an láithreoir, ní mór sonraí teagmhála duine nádúrtha a sholáthar freisin chun críocha comhfhreagrais.
Maidir le haon oifigeach de chuid na cuideachta /an chumainn atá freagrach as clár inmheánach Úinéireacht Thairbhiúil na cuideachta/an chumainn a chothabháil is féidir leis an té sin an próiseas clárúcháin a chomhlánú ar Thairseach Clárúcháin ar líne an RBO.
Ní mór an t-ainm a chuirtear isteach san RBO a bheith go díreach cosúil leis an ainm a thaifead an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí don Uimhir PSP a iontráladh sa RBO.
Tá dualgas dlíthiúil ar an RBO na sonraí a iontráiltear ar an RBO a bhailíochtú chun a chinntiú go bhfuil siad cruinn agus chun a chinntiú gur duine nádúrtha an Úinéir Tairbhiúil.
D’fhonn an bhailíochtú seo a dhéanamh ní mór an t-ainm agus an Uimhir PSP a iontráiltear san RBO a chur i gcomparáid le taifid na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Mar thoradh air sin, nuair a iontrálfar na sonraí sin ar líne, déanfaidh an RBO seiceáil uathoibríoch i bhfianaise bhunachar sonraí na Roinne agus mura bhfuil na sonraí comhoiriúnach is é an rud is dóichí ná go ndiúltófar don aighneacht.
Tá dualgas dlíthiúil ar an RBO na sonraí a iontráiltear ar an RBO a bhailíochtú chun a chinntiú go bhfuil siad cruinn agus chun a chinntiú gur duine nádúrtha an Úinéir Tairbhiúil. Ní mór an t-ainm a chuirtear isteach san RBO a bheith go díreach cosúil leis an ainm a thaifead an Roinn don Uimhir PSP a iontráladh sa RBO. Mura bhfuil na sonraí díreach cosúil le sonraí na Roinne Gnóthaí Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí is é an rud is dóichí ná go ndiúltófar don aighneacht.
Sainmhínítear Úinéir Tairbhiúil in Airteagal 3(6), 4AMLD, mar an duine nádúrtha nó na daoine nádúrtha a bhfuil eintiteas dlíthiúil ina seilbh nó faoina rialú ar deireadh thiar, trí úinéireacht dhíreach nó indíreach ar chéatadán leordhóthanach de na scaireanna nó de na cearta vótála nó trí leas úinéireachta san eintiteas, lena n-áirítear trí scaireanna a iompar, nó trí rialú ar bhealaí eile.
Áirítear orthu siúd:
“Féadfaidh a áireamh mar rialú trí mhodhanna eile, inter alia, na critéir rialaithe a úsáidtear chun críche ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú, mar shampla
Más rud é go bhfuil aonán ábhartha ina fhochuideachta faoi úinéireacht ag aonán corparáide eile, tá duine/daoine nádúrtha a bhfuil scairsheilbh 25% móide scair amháin acu nó a bhfuil an méid sin faoi rialú acu, nó leas úinéireachta de bhreis agus 25% sa mháthair-aonán corparáide acu, ina úinéir tairbhiúil/ina n-úinéirí tairbhiúla den fhochuideachta.
Más rud é go bhfuil aonán ábhartha ina fhochuideachta faoi úinéireacht ag aonáin chorparáide iolracha, luaitear in Airteagal 3(6), 4AMLD, go mbeidh scairsheilbh 25% móide scair amháin, nó leas úinéireachta níos mó ná 25% i bhfochuideachta i seilbh aonáin chorparáide iolracha atá faoi rialú ag an duine/na daoine nádúrtha céanna, ina chomhartha d’úinéireacht thairbhiúil indíreach.
I ndeireadh na dála, is é nó í an duine nádúrtha nó na daoine nádúrtha a gcaithfear a aithint agus a iontráil ar an RBO mar úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla na cuideachta/an chumainn, is cuma cé mhéad sraitheanna úinéireachta atá i struchtúr na cuideachta/an chumainn. Ní féidir ainm cuideachta/cumainn eile a iontráil ar an RBO.
Más rud é, tar éis gach modh féideartha a bheith ídithe agus ar choinníoll nach bhfuil aon chúis drochamhrais ann, nach n-aithnítear aon duine nádúrtha mar úinéir tairbhiúil, nó má bhíonn amhras ann nach é nó í an duine/nach iad na daoine a aithníodh an t-úinéir/na húinéirí tairbhiúla, is é an duine nádúrtha nó na daoine nádúrtha a bhfuil post mar oifigeach sinsearach bainistíochta nó mar oifigigh shinsearacha bainistíochta aige/aici/acu a thaifeadfar san RBO mar an úinéir tairbhiúil. (Rialachán 5(4) IR 110/2019). Coinneoidh eintitis ábhartha taifid ar na bearta a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint (Rialachán 5(5), IR 110/2019)
Má bhíonn amhras ann, ba cheart do chuideachta/chumann comhairle dlí a lorg chun cuidiú leo a dheimhniú cé hiad na húinéirí tairbhiúla.
Ní hionann. Agus na modhanna difriúla á leagan amach trína bhféadfaidh duine nádúrtha cuideachta/cumann a rialú, áirítear go sonrach i dTreoir an AE aon duine ar leis/léi nó a rialaíonn níos mó ná 25% de na scaireanna nó de na cearta vótála.
I gcásanna ina bhfuil líon mór scaireanna ag cuideachtaí/cumainn, is féidir le scairshealbhóir 25% de na scaireanna foriomlána atá ar fáil a bheith aige/aici chomh maith le scair bhreise amháin. Mar shampla: Tá 1,000,000 scair ag Cuideachta X ar €1 an ceann. Má bhíonn 250,000 (25%) scaireanna nó níos lú ag duine ar bith, sa chás sin níl an té sin cáilithe faoin gceanglas seo. Má bhíonn 250,001 scair ag scairshealbhóir nó má rialaíonn sé/sí iad bíonn an té sin incháilithe mar úinéir tairbhiúil agus ní mór sonraí an té sin a chlárú ar an RBO.
Baineann sé seo le gach scair eisithe. Moltar duit dul i gcomhairle le do chomhairleoir airgeadais agus/nó dlí féin faoi cheisteanna maidir le scaireanna.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach í teist na gcéatadán maidir le húinéireacht scaireanna an t-aon mhodh chun a chinneadh cé hé an t-úinéir tairbhiúil deiridh - caithfear breithniú a dhéanamh freisin ar rialú trí chearta vótála, ús úinéireachta agus rialú trí mhodhanna eile.
Má bhíonn amhras ann, ba cheart do chuideachta/chumann comhairle dlí a lorg chun cuidiú leo a dheimhniú cé hiad na húinéirí tairbhiúla.
Is éard atá i gceist le rialú trí mhodhanna eile nuair a bhíonn smacht nó tionchar suntasach ar an aonáin ag duine aonair nach bhfuil níos mó ná 25% aige nó aici de scaireanna nó de chearta vótála an aonáin.
Mínítear rialú trí mhodhanna eile mar seo a leanas in Aithris 13 den 4 AMLD:
“Féadfar a áireamh mar rialú trí mhodhanna eile, inter alia, na critéir rialaithe a úsáidtear chun críche ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú, mar shampla
Is é rialú díreach an cás ina bhfuil an t-úinéir tairbhiúil freagrach go pearsanta as:
Más fochuideachta é eintiteas atá faoi úinéireacht aonáin chorparáidigh amháin nó níos mó, is úinéir tairbhiúil é aon duine nádúrtha a shealbhaíonn nó a rialaíonn scairsheilbh 25% móide scair amháin nó leas úinéireachta níos mó ná 25% in aon cheann de mháthair-aonáin chorparáideacha na fochuideachta. Is sampla é seo de “rialú indíreach”.
Má bhíonn scairsheilbh 25% móide scair amháin nó leas úinéireachta níos mó ná 25% sa chustaiméir atá i seilbh aonáin chorparáidigh, atá faoi rialú duine/daoine nádúrtha, nó ag ilaonáin chorparáideacha atá faoi rialú an duine/na ndaoine nádúrtha céanna áireofar é sin mar léiriú ar úinéireacht indíreach.
Sampla eile de rialú indíreach is ea nuair a dhéanann duine nádúrtha, nach bhfuil cáilithe de réir na bhforálacha thuas, comhaontú le duine eile chun a gcéatadán scaireanna, a gcearta vótála nó rialaithe a chur le chéile, agus go bhfágann a gcomhchéatadán scaireanna, cearta vótála nó rialaithe iad laistigh de na riachtanais fhorordaithe thuas, ansin ba cheart an bheirt a chlárú mar úinéirí tairbhiúla.
Mínítear rialú trí mhodhanna eile in Aithris 13 den 4AMLD agus is féidir é a fháil ag 4.2 thuas:
Má bhíonn amhras ann, ba cheart do chuideachta/chumann comhairle dlí a lorg chun cuidiú leo a dheimhniú cé hiad na húinéirí tairbhiúla.
Más fochuideachta é eintiteas atá faoi úinéireacht aonáin chorparáidigh amháin nó níos mó, is úinéir tairbhiúil aon duine nádúrtha nó daoine nádúrtha a shealbhaíonn nó a rialaíonn scairsheilbh 25% móide scair amháin nó leas rialaithe i máthair-chuideachta/máthair-chumann na fochuideachta.
Más fochuideachta é eintiteas atá faoi úinéireacht ag il-aonáin chorparáideacha is úinéir tairbhiúil é aon duine nó daoine nádúrtha a shealbhaíonn nó a rialaíonn scairsheilbh 25% móide scair amháin nó leas rialaithe eile in aon cheann de mháthair-aonáin chorparáideacha na fochuideachta.
Murar féidir aon duine nó daoine nádúrtha a aithint, taifeadfar ainm(neacha) an duine/na ndaoine nádúrtha a bhfuil post sinsearach /poist shinsearacha aige/acu san RBO mar oifigeach sinsear bainistíochta nó mar oifigigh shinsearacha bhainistíochta na cuideachta/an chumainn.
Ní féidir. Ní mór don Úinéir Tairbhiúil a iontráiltear ar an gClár um Úinéireacht Thairbhiúil a bheith ina Dhuine nó ina nDaoine Nádúrtha.
Féach freisin 4.5
Éilítear sa Treoir agus i Rialacháin 5(2) de IR 110/2019 gur cheart “gach beart réasúnach” a ghlacadh chun a fháil amach cé hé an duine nádúrtha atá ina Úinéir Tairbhiúil.
Ar na céimeanna atá i gceist tá
Cion coiriúil a bheidh ann má dhéanann an duine nádúrtha mainneachtain freagra a thabhairt agus comhoibriú leis an gcuideachta/an gcumann nó má dhéanann ráiteas bréagach.
I gcás go bhfuil gach beart réasúnach déanta gan rath chun na húinéirí tairbhiúla a aithint, tá foráil sna Rialacháin go measfar gurb iad na hOifigigh Shinsearacha Bhainistíochta (m.sh. an Stiúrthóir/na Stiúrthóirí nó an POF) na húinéirí tairbhiúla.
Coinneoidh eintitis ábhartha taifid ar na bearta a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint (Rialachán 5(5), IR 110/2019)
Sainmhínítear i “Rialachán 2 den Ionstraim Reachtúil 110/2019” go n-áireofar stiúrthóir agus príomhoifigeach feidhmiúcháin mar “oifigeach sinsearach bainistíochta”.
Is cuideachta ar bith é sin, nó Cumann Tionscail agus Soláthair atá corpraithe in Éirinn. Áirítear leis seo Cuideachtaí Príobháideacha Teoranta, Cuideachtaí Teoranta Poiblí, Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe, Cuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta, agus Cuideachtaí Príobháideacha Neamhtheoranta.
Ciallaíonn “eintiteas ábhartha” chun críche Ionstraim Reachtúil 110/2019 eintiteas corparáideach nó eintiteas dlíthiúil eile atá corpraithe sa Stát agus cuimsíonn sé cuideachta*agus aon chomhlacht corpraithe eile atá corpraithe sa chaoi sin.
* Ní cheanglaítear ar chuideachta atá liostaithe ar mhargadh rialáilte atá faoi réir ceanglas nochta i gcomhréir le dlí an Aontais nó atá faoi réir caighdeán idirnáisiúnta coibhéiseach a chinntíonn trédhearcacht leordhóthanach faisnéise úinéireachta sonraí úinéireachta tairbhiúla a chomhdú leis an RBO.
Sainmhínítear Duine Nádúrtha mar dhuine. Tá sé seo i gcodarsnacht le cuideachta/cumann, ar eintiteas dlíthiúil é.
Sainmhínítear Duine Ainmnithe san Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010.
Is Clár neamhspleách é an Clár lárnach um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO) atá á bhunú faoi reachtaíocht maidir le sciúradh airgid, agus ní faoi dhlí na gcuideachtaí, agus tá sé sa bhreis ar na cláir reachtúla atá á gcoimeád ag an Oifig um Clárú Cuideachtaí.
Caithfidh cuideachtaí/cumainn a nÚinéirí Tairbhiúla a aithint, a gcuid sonraí a choinneáil ar a gcláir inmheánacha féin agus na sonraí sin a chlárú leis an RBO. Is féidir nach scairshealbhóirí ná stiúrthóirí na cuideachta/an chumainn iad na húinéirí tairbhiúla.
Ní féidir sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil a chomhdú ar fhoirmeacha CRO.
Sa chás go bhfuil cuideachta (máthairchuideachtaí agus grúpa cuideachtaí san áireamh) liostaithe ar mhargadh rialaithe atá faoi réir riachtanas nochta i gcomhréir le dlí an AE nó le caighdeáin idirnáisiúnta comhionanna a chinntíonn trédhearcacht imleor d’fhaisnéis úinéireachta, ní gá don chuideachta sin sonraí úinéireachta a chomhdú leis an RBO (Rialachán 4(2) de IR 110/2019).
Mar sin féin, ní bhaineann an díolúine le fochuideachtaí na máthairchuideachta sin.
Dá bhrí sin, tá dualgas neamhspleách ar fhochuideachtaí i ngrúpa mar sin riachtanas IR 110/2019 a chomhlíonadh más “aonáin ábhartha” iad laistigh den bhrí de IR 110/2019.
Ba chóir do chuideachta liostaithe a comhairle dhlí féin a fháil d’fhonn a fháil amach an bhfuil an margadh ar a bhfuil sí liostaithe faoi réir riachtanas nochta i gcomhréir le dlí AE nó faoi réir caighdeán idirnáisiúnta comhionann a chinntíonn trédhearcacht imleor den fhaisnéis úinéireachta.
Is gá, sa chás gur “aonán ábhartha” í an chuideachta laistigh den bhrí de IR 110/2019 (i.e. is aonán corparáide nó dlí ionchorpraithe in Éirinn é). Fiú sa chás gur fochuideachta í de mháthairchuideachta atá cláraithe lasmuigh d’Éirinn, tá ceanglas uirthi a sonraí úinéireachta tairbhiúla a chomhdú leis an RBO.
Más rud é go bhfuil aonán ábhartha ina fhochuideachta faoi úinéireacht ag aonán corparáide eile, tá duine/daoine nádúrtha a bhfuil scairsheilbh 25% móide scair amháin acu nó a bhfuil an méid sin faoi rialú acu, nó leas úinéireachta de bhreis agus 25% sa mháthair-aonán corparáide acu, ina úinéir tairbhiúil/ina n-úinéirí tairbhiúla den fhochuideachta.
Más rud é go bhfuil aonán ina fhochuideachta faoi úinéireacht ag aonáin chorparáide iolracha, luaitear in Airteagal 3(6), 4AMLD, go mbeidh scairsheilbh 25% móide scair amháin, nó leas úinéireachta níos mó ná 25% i bhfochuideachta i seilbh aonáin chorparáide iolracha atá faoi rialú ag an duine/na daoine nádúrtha céanna, ina chomhartha d’úinéireacht thairbhiúil indíreach.
Más í an mháthair-chuideachta (nó cuideachta eile) an tÚinéir Tairbhiúil, sa chás sin is é an Duine Nádúrtha a bhfuil an rialú díreach aige nó smacht dhíreach aige ar 25% de na scaireanna móide 1 scair amháin, nó leas rialaithe eile laistigh den chuideachta sin an t-úinéir tairbhiúil. Murar féidir aon duine nádúrtha a aithint, ba cheart ainm(neacha) an duine/na ndaoine nádúrtha a bhfuil post sinsearach /poist shinsearacha mar oifigeach sinsearach bainistíochta nó mar oifigigh shinsearacha bhainistíochta na máthairchuideachta a iontráil ar an RBO. Coinneoidh eintitis ábhartha taifid ar na bearta a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint (Rialachán 5(5), IR 110/2019)
Má bhíonn amhras ann, ba cheart do chuideachta comhairle dlí a lorg chun cuidiú leo a dheimhniú cé hiad na húinéirí tairbhiúla atá acu.
I gcás go bhfuil gach beart modhanna is féidir déanta gan rath chun na húinéirí tairbhiúla a aithint, tá foráil sna Rialacháin go measfar gurb iad na hOifigigh Shinsearacha Bhainistíochta (m.sh. an Stiúrthóir/na Stiúrthóirí agus/nó an POF) na húinéirí tairbhiúla. Coinneoidh eintitis ábhartha taifid ar na bearta a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint (Rialachán 5(5), IR 110/2019)
I gcás cuideachta a bhfuil stiúrthóir aonair aici agus gurb é/í an stiúrthóir sin an t-aon scairshealbhóir agus go bhfuil smacht dhíreach iomlán aige nó aici ar an gcuideachta, is é/í sin úinéir tairbhiúil na cuideachta.
I gcás cuideachta a bhfuil stiúrthóir aonair aici agus a bhfuil scairshealbhóir aonair difriúil aici, measfar gur úinéir tairbhiúil an stiúrthóir toisc go bhfuil rialú díreach aige nó aici ar an gcuideachta, agus go bhfuil an scairshealbhóir aonair ina úinéir tairbhiúil freisin má chomhlíonann sé nó sí na critéir maidir le 25% de na scaireanna móide + 1 sciar.
Cuimsíonn an sainmhíniú ar úinéir tairbhiúil níos mó ná scairshealbhóirí amháin - cuimsíonn sé aon duine a bhfuil céatadán leordhóthanach de na cearta vótála nó leas úinéireachta aige nó a rialaíonn an chuideachta ar bhealaí eile.
Má bhíonn amhras ann, ba cheart do chuideachta comhairle dlí a lorg chun cuidiú leo a dheimhniú cé hiad na húinéirí tairbhiúla atá acu.
Cuimsíonn an sainmhíniú ar úinéir tairbhiúil níos mó ná scairshealbhóirí amháin - cuimsíonn sé aon duine a bhfuil céatadán leordhóthanach de na cearta vótála nó de leas úinéireachta aige sa chuideachta/sa chumann nó a rialaíonn an chuideachta/an cumann ar bhealaí eile.
Dá bhrí sin, agus an treoir atá leagtha amach i 3.1 thuas, á tabhairt faoi deara, ní mór don chuideachta/don chumann cinneadh a dhéanamh cé hé nó cé hí an duine nádurtha/cé hiad na daoine nádúrtha a rialaíonn an chuideachta/an cumann agus a n-ainmneacha a iontráil ina gclár inmheánach féin agus san RBO.
Más rud é, tar éis gach modh féideartha a bheith ídithe agus ar choinníoll nach bhfuil aon chúis drochamhrais ann, nach n-aithnítear aon duine nádúrtha mar úinéir tairbhiúil, nó má bhíonn amhras ann nach é nó í an duine/nach iad na daoine a aithníodh an t-úinéir/na húinéirí tairbhiúla, is é an duine nádúrtha nó na daoine nádúrtha a bhfuil post mar oifigeach sinsearach bainistíochta nó mar oifigigh shinsearacha bainistíochta aige/aici/acu a thaifeadfar san RBO mar an úinéir tairbhiúil. Coinneoidh eintitis ábhartha taifid ar na bearta a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint (Rialachán 5(5), IR 110/2019)
Má bhíonn amhras ann, ba cheart do chuideachta/chumann comhairle dlí a lorg chun cuidiú leo a dheimhniú cé hiad na húinéirí tairbhiúla.
Ní bhaineann an Rialachán ach le heintitis chorparáideacha agus dhlíthiúla atá corpraithe in Éirinn. Ní haonán dlíthiúil ná corparáideach é ainm gnó; mar sin, ní thagann sé faoi raon feidhme na Treorach agus ní cheanglaítear air clárú leis an RBO.
Ní bhaineann an Rialachán ach le heintitis chorparáideacha agus dhlíthiúla atá corpraithe in Éirinn. Ní haonán dlíthiúil ná corparáideach é ainm gnó; mar sin, ní thagann sé faoi raon feidhme na Treorach agus ní cheanglaítear air clárú leis an RBO.
Forálann Airteagal 3(6)(a)(i) den 4AMLD i gcás cuideachta atá liostaithe ar mhargadh rialáilte atá faoi réir ceanglas nochta i gcomhréir le dlí an Aontais nó atá faoi réir caighdeán idirnáisiúnta coibhéiseach a chinntíonn trédhearcacht leordhóthanach faoi fhaisnéis úinéireachta ní cheanglaítear ar chuideachta dá leithéid sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil a chomhdú leis an RBO.
Cuideachta ar bith atá ag trádáil ar mhargadh rialáilte LEE, amhail Stocmhalartán na hÉireann, bíonn sí díolmhaithe ó chlárú. Tá na cuideachtaí sin faoi réir cheana féin ag rialacha lena n-éilítear orthu na húinéirí/rialtóirí dá gcuid a nochtadh. Más fochuideachta de chomhlacht liostaithe an chuideachta atá corpraithe in Éirinn, áfach, éilítear fós ar an bhfochuideachta sonraí na n-úinéirí tairbhiúla dá cuid a chomhdú leis an gclár lárnach.
Ní féidir faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a iontráil ach amháin ar líne trí thairseach ar shuíomh gréasáin an RBO ag www.rbo.gov.ie. Níl aon fhoirmeacha ann maidir le sonraí a chomhdú leis an RBO agus níl aon táillí comhdaithe i gceist.
Tá Tairseach an RBO cosúil le córas CORE CRO agus bíonn ID úsáideora agus pasfhocal riachtanach chun logáil isteach. Is féidir é sin a cheapadh nuair a chláraítear úinéireacht thairbhiúil
Is ar líne amháin ar féidir sonraí maidir le chlárú Úinéireachta Thairbhiúla a sheoladh isteach. Ní bheidh aon fhoirmeacha láimhe/páipéir ar fáil agus ní ghearrfar aon táillí comhdaithe.
Maidir le haon doiciméad i bhfoirm pháipéir cosúil le tuairisceán don RBO a gheofar sa CRO/Aonad RBO, ina mbeidh sonraí maidir le húinéireacht phearsanta/úinéireacht thairbhiúil, déanfar iad sin a dhíothú chun cloí leis an reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Ní hionann comhdú sonraí RBO ar pháipéar agus comhlíonadh cheanglais na reachtaíochta agus ní mheasfar gur comhlíonadh oibleagáidí RBO na cuideachta/an chumainn - Rialachán 20 (6), IR 110/2019.
Cuirfear an chuideachta/an cumann nó soláthraí a gcuid faisnéise ar an eolas faoi seo má sheachadann siad na sonraí maidir le húinéireacht tairbhiúil chuig an RBO i bhfoirm pháipéir nó má sheolann siad tríd an bpost iad.
Ní féidir sonraí maidir le húinéireacht tairbhiúil a chur isteach ach amháin ar líne. Ní bheidh aon fhoirmeacha láimhe/páipéir ar fáil lena gcomhlánú.
Faoi Rialacha Cosanta Sonraí, scriosfar aon cháipéisíocht atá cosúil le foirm a fhaightear san Aonad CRO/RBO, ina bhfuil sonraí maidir le húinéireacht phearsanta/thairbhiúil, agus ní mheasfar oibleagáidí RBO na cuideachta/an chumainn a bheith comhlíonta - Rial 20(6), IR 110/2019
Cuirfear an chuideachta/an cumann nó soláthraí a gcuid faisnéise ar an eolas faoi seo má sheachadann siad na sonraí maidir le húinéireacht tairbhiúil chuig an RBO i bhfoirm pháipéir nó má sheolann siad tríd an bpost iad.
Má sholáthraíonn úinéir tairbhiúil sonraí míchruinne don chuideachta/don chumann agus/nó do sholáthraí a gcuid faisnéise go feasach nó go toiliúil, mar shampla trí an Uimhir PSP, an dáta breithe, an t-ainm mícheart srl. a sholáthar féadfar an té sin a ionchúiseamh nó pionóis eile a ghearradh air nó uirthi de bharr faisnéis bhréige a sholáthar.
Seachas sin, más earráid mhacánta a bheidh ann ach nach féidir leis an Aonad RBO an tÚinéir Tairbhiúil a bhailíochtú mar gheall ar na sonraí míchearta, diúltófar go hiomlán don ábhar a chuirfear isteach faoin gcuideachta/faoin gcumann ina mbeidh na sonraí míchearta.
I gcás nach bhféadfar na sonraí a iontráladh ar thairseach an RBO a bhailíochtú, déanfaidh Aonad an RBO teagmháil dhíreach leis an Úinéir Tairbhiúil (an t-ábhar sonraí) trí chomhfhreagras i scríbhinn. Faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí, ní féidir leis an RBO dul i dteagmháil soláthraí faisnéise maidir le sonraí pearsanta Úinéara Tairbhiúil arb é an duine sin ábhar na sonraí chun críocha na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Ní féidir foireann an RBO plé a dhéanamh teagmháil a dhéanamh le soláthraí na faisnéise faoi shonraí cásanna aonair nó sonraí pearsanta ar an nguthán nó trí ríomhphost. Ní féidir le hAonad an RBO ach teagmháil a dhéanamh leis an duine is ábhar do na sonraí maidir lena sonraí pearsanta trí ríomhphost, ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Má fuair tú fógra ó Aonad an RBO gur comhdaíodh do chuid sonraí leis an RBO ach go raibh siad mícheart, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an gcuideachta/an chumainn ar tusa a Úinéir Tairbhiúil, nó lena n-ionadaí/soláthraí, agus a iarradh orthu na sonraí cearta a athchomhdú don chuideachta/don chumann.
Ní mór don chéadainm & don sloinne a iontráiltear san RBO a bheith díreach mar an ainm atá cláraithe go dlíthiúil mar ainm an duine nádúrtha, .i. an t-ainm atá cláraithe ar d’Uimhir PSP leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Forchoimeádann an Cláraitheoir an ceart diúltú d’aon ábhar a chuirfear isteach sa chás nach bhfuil an t-ainm a cuireadh isteach ar Chlár an RBO ar aon dul leis an ainm atá cláraithe ar d’Uimhir PSP leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Ní féidir foireann an RBO plé a dhéanamh le cuideachta/cumann ná le soláthraí na faisnéise faoi shonraí cásanna aonair nó sonraí pearsanta ar an nguthán nó trí ríomhphost. Ní féidir le hAonad an RBO ach teagmháil a dhéanamh leis an duine is ábhar do na sonraí atá ina úinéir tairbhiúil/ina húinéir tairbhiúil maidir lena shonraí/a sonraí pearsanta trí ríomhphost, ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Mura tusa Úinéir Tairbhiúil na cuideachta/an chumainn ainmnithe agus má tá tú sásta gur tharla earráid macánta, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an gcuideachta/leis an gcumann lena mbaineann, nó lena n-ionadaí/le soláthraí a gcuid faisnéise, agus a n-aird a tharraingt ar an earráid.
Is féidir leat ríomhphost a chur chuig Aonad an RBO freisin ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. chun a iarraidh orthu do chuid sonraí a bhaint.
D'fhéadfaí a iarraidh ort do chéannacht agus do sheoladh a fhíorú trí chóip de do phas nó ceadúnas tiomána agus bille fóntais nach bille fóin phóca a chur isteach.
Ní féidir foireann an RBO plé a dhéanamh le cuideachta/cumann ná le soláthraí na faisnéise faoi shonraí cásanna aonair nó sonraí pearsanta ar an nguthán nó trí ríomhphost. Ní féidir le hAonad an RBO ach teagmháil a dhéanamh leis an duine is ábhar do na sonraí maidir lena sonraí pearsanta trí ríomhphost, ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Is éard atá in Uimhir PSP ná Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí agus is uimhir thagartha uathúil í a eisítear chuig gach cónaitheoir Éireannach chun déileáil le gníomhaireachtaí seirbhíse poiblí.
Eisítear Uimhreacha PSP freisin chuig daoine neamhchónaitheacha a bhíonn ag plé le gníomhaireachtaí rialtais na hÉireann, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá sé d'oibleagáid ar Bhallstáit de bhun Airteagal 30(4), 4AMLD, “a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis atá á coimeád sa chlár lárnach leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta”. Dá bhrí sin, tá dualgas dlíthiúil ar an RBO na sonraí a iontráladh ar an RBO a bhailíochtú chun a chinntiú go bhfuil siad cruinn agus chun a chinntiú gur duine nádúrtha an tÚinéir Tairbhiúil.
Coinneofar an Uimhir PSP go sábháilte i bhformáid haiseáilte do-aisiompaithe/criptithe agus ní bheidh rochtain ag aon bhall d’Fhoireann an RBO air. Nuair a bheidh na sonraí a comhdaíodh leis an RBO bailíochtaithe déanfar an Uimhir PSP a haiseáil agus a stóráil ar bhealach slán. Ní roinnfear é riamh le tríú páirtí ar bith.
Tá sé riachtanach an Uimhir PSP a fháil má tá an RBO le cloí leis an gceanglas dlíthiúil i 4AMLD agus 5 AMLD go mbeidh an Clár “cruinn”, le go bhfeadfar céannacht gach úinéir tairbhiúil a bhailíochtú go hiomlán agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar an seans go ndéanfar iontrálacha dúblacha.
Is é an chúis atá leis an leagan haiseáilte de na hUimhreacha PSP a choinneáil ná le cur ar chumas an RBO rudaí a chomhdófar sa todhchaí a mheaitseáil go cinnte le daoine atá ar an gclár faoi láthair agus dúbláil a sheachaint.
Feidhm criptithe é haiseáil chun sonraí ar an RBO a chosaint má sháraítear sonraí. Leis an teicníc seo tógfar an Uimhir PSP, cuirfear feidhm chasta mhatamaiticiúil i bhfeidhm uirthi chun uimhir uathúil níos leithne a chruthú nach mbeidh aon chosúlacht aici leis an uimhir a bheidh curtha i bhfolach. Nuair a dhéantar haiseáil, ní bhíonn an RBO in ann an uimhir nua-ghinte a thiontú ar ais ina hUmhir PSP arís.
Beidh. Beidh sé ag teastáil aon uair a chuirfear úinéir tairbhiúil leis an liosta, nó nuair a athraítear a sonraí, mar shampla, a seoltaí a athrú, nó nuair a dhéanfar nuashonrú ar shonraí scairshealbhóireachta, nó ar mhodhanna rialaithe eile.
Ceanglaítear ar na Ballstáit le hAirteagal 30(4) den Cheathrú Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chosc “a chinntiú gur leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta atá an fhaisnéis a choimeádtar sa chlár lárnach”.
Ceanglaítear le Rialachán 21(2) d’Ionstraim Reachtúil 110/2019 go dtabharfaidh an t-eintiteas iomchuí an UPSP don Chláraitheoir “chun críche fíorú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a thugtar faoi Rialacháin 20(1) nó (2)”.
Fíoraíonn an Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil an t-ainm, an dáta breithe agus an UPSP a iontráiltear sa Chlár Lárnach ach iad a chur i gcomparáid, trí chomhéadan leictreonach, le sonraí a choimeádtar ar an mbunachar sonraí UPSPanna a gcoinníonn an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí é ar bun.
Chun go mbeidh an dá thacar sonraí ag teacht le chéile, ní mór an réamhainm agus an sloinne a iontráiltear sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil a bheith ag teacht go hiomlán leis an ainm atá ceangailte leis an UPSP sin i mbunachar sonraí na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Forchoimeádann an Cláraitheoir an ceart chun diúltú d’aon aighneacht i gcás nach bhfuil an t-ainm a iontráiltear sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil ag teacht leis an ainm atá cláraithe don UPSP leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Is é an toradh atá ar an bpróiseas sin ná go gcuirtear ar chumas an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil céannacht gach úinéara thairbhiúil a shainaithint, a chruthú gur duine nádúrtha é/í agus íoslaghdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí iontrálacha dúblacha.
Mura bhfuil UPSP Éireannach agat, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil trí bhíthin Fhoirm BEN2 - Dearbhú maidir le Fíorú Céannachta.
Níl ach Foirm BEN2 amháin ag teastáil i leith gach úinéara thairbhiúil agus, a luaithe atá sí próiseáilte go rathúil agus atá Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil eisithe ag an gCláraitheoir, beifear in ann an Uimhir sin a úsáid le haghaidh comhduithe úinéireachta tairbhiúla a dhéanamh don duine sin sa todhchaí.
Mínítear go mion i Rannán 12 de na Ceisteanna Coitianta seo cad is Foirm BEN2 ann agus conas is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil.
Aon eintiteas ábhartha a dteipeann air UPSP a chomhdú leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil i gcás gur sannadh uimhir den sórt sin chuig úinéir tairbhiúil, agus/nó a chuireann iarratas BEN2 isteach i gcás go bhfuil UPSP ann don úinéir tairbhiúil, beidh cion déanta aige. Tarraingítear aird air sin i Rialacháin 28(5) agus 28(7) de I.R. Uimh. 110/2019:
28(5): Aon duine, agus é nó í ag airbheartú Rialachán 20, 21, 22 nó 23 a chomhlíonadh, a thugann ráiteas atá bréagach i sonra ábhartha, agus atá eolach go bhfuil sé bréagach nó atá meargánta i dtaobh é a bheith bréagach, déanann sé nó sí cion agus dlífear –
28(7): I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoi na Rialacháin seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó cúlcheadú aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó aon oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú sa cháil sin, beidh an duine sin, agus an comhlacht corpraithe freisin, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh nó ina haghaidh agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.
Níl táille chun úinéir tairbhiúil a chlárú. Tá sé saor in aisce.
De réir Threoir an AE féadfaidh an Cláraitheoir táille a ghearradh chun sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil a chuardach agus a íoslódáil.
Beidh táillí riaracháin i gceist maidir le cuardaigh a dhéanann eintitis faoi oibleagáid agus baill den phobal i gcoitinne. Táthar ag súil go mbeidh na táillí sin ag teacht le táillí cuardaigh CRO atá ann cheana (.i. Thart ar €2.50 an doiciméad).
Ní ghearrtar aon táille maidir le sonraí faoi Úinéireacht Thairbhúil chuideachta/chumainn a chlárú leis an RBO ar líne.
Tháinig na Rialacháin i bhfeidhm ar an 22 Márta 2019, le héifeacht láithreach i gcás cuideachtaí/cumainn ó thaobh a gcláir inmheánacha féin a chruthú agus a chothabháil.
Thosaigh an Clár ag fáil comhdú úinéireachta tairbhiúil an 29 Iúil 2019.
Measfar aon chuideachta/cumann nár comhdaithe go rathúil ar nó roimh an 22 Samhain 2019, a bheith déanach agus féadfar smachtbhannaí a ghearradh orthu faoi mar a fhorordaítear sna Rialacháin.
Cuireann Rialachán 20(2) de cheangal ar gach cuideachta nua-ionchorpraithe agus cumainn tionscail agus soláthair a gcuid sonraí maidir le húinéireacht thairbhiúil a chlárú laistigh de chúig mhí ón am a ndéantar iad a ionchorprú.
Ceadaíonn Rialachán 25(5) de IR 110/2019 go mbeidh na sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil díolmhaithe ó rochtain ag daoine ainmnithe agus ag an bpobal i gcoitinne más mionaoiseach an t-úinéir tairbhiúil. Coinneofar sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil mionaoiseach siar go huathoibríoch ó rochtain phoiblí go dtí go mbeidh siad 18 mbliana d’aois.
Ceadaíonn Rialachán 25(5) de IR 110/2019 go mbeidh na sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil díolmhaithe ó rochtain ag daoine ainmnithe agus ag an bpobal i gcoitinne más mionaoiseach an t-úinéir tairbhiúil. Coinneofar sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil mionaoiseach siar go huathoibríoch ó rochtain phoiblí go dtí go mbeidh siad 18 mbliana d’aois.
Ach amháin i gcás mionaoiseach, beidh rochtain theoranta ar shonraí úinéireachta tairbhiúla ar fáil don phobal. Níl aon díolúintí eile ann.
Níl. Beidh rochtain neamhshrianta ag na hAFAna agus ag na húdaráis inniúla stáit ar na sonraí go léir ar an RBO. Is é cuspóir an chláir ná cabhrú le hAFAna agus le húdaráis inniúla stáit i gcás imscrúduithe a bhaineann le sciúradh airgid.
Féadfaidh aon duine ainmnithe nó duine den phobal, faoi Rialachán 25(5) IR 110/2019, iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCláraitheoir ar rochtain a bhaineann le sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil mionaoisigh. Is féidir iarratais ar rochtain a sheoladh trí ríomhphost chuig: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Ní mór don iarrthóir achoimre a sholáthar ar an gcúis a mheasann sé nó sí gurb é leas an phobail go nochtfaí an fhaisnéis atá á hiarradh.
Foráiltear le Rialacháin 24 agus 25 d’Ionstraim Reachtúil (I.R.) Uimh. 110/2019 do dhá chineál rochtana ar úinéireacht thairbhiúil sa chlár lárnach, is iad sin, “rochtain neamhtheoranta” agus “rochtain theoranta”.
Dá bharr sin, beidh dhá chiseal rochtana ann ar shonraí sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil.
Ciseal a hAon : tabharfar rochtain neamhtheoranta ar shonraí sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil d’oifigigh údaraithe de chuid na n-eagraíochtaí seo a leanas:
agus
Féadfaidh an Garda Síochána, na Coimisinéirí Ioncaim, údaráis inniúla agus an Biúró um Shócmhainní Coiriúla an fhaisnéis sa chlár lárnach a nochtadh d’aon údarás inniúil comhfhreagrach de chuid Ballstáit eile (Rialachán 24(9), I.R. Uimh. 110/2019).
Ciseal a Dó: Cuirfear rochtain theoranta ar shonraí sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil ar fáil dóibh seo a leanas:
Ciseal a hAon: Áireofar le rochtain neamhtheoranta rochtain ar na sonraí seo a leanas sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil i leith gach úinéara thairbhiúil (oifigigh shinsearacha bhainistíochta san áireamh):
Ciseal a Dó: Áireofar le rochtain theoranta rochtain ar na sonraí seo a leanas sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil:
Ní fheicfidh páirtithe atá i dteideal “rochtain theoranta” lá breithe ná seoladh an úinéara thairbhiúil.
Féadfaidh daoine den phobal agus daoine ainmnithe rochtain a fháil ar shonraí sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil trí thairseach ar líne ar shuíomh Gréasáin an Chláir Lárnaigh - www.rbo.gov.ie.
Sa tairseach, tá áis cosúil leis an tsaoráid “Cuardach Cuideachta” ar shuíomh Gréasáin CRO, áit ar féidir leat cuideachta nó cumann a chuardach agus “Tuarascáil Úinéirí / Rialaitheoirí Tairbheacha” a cheannach.
Áireofar sa “Printout” liosta d’úinéirí tairbhiúla reatha na cuideachta / an chumainn agus na sonraí seo a leanas maidir le gach ceann acu:
Beidh costas an Tuarascáil Úinéirí / Rialaitheoirí Tairbheacha € 2.50 a cheannach agus is féidir íocaíocht a dhéanamh ach amháin le cárta creidmheasa / dochair.
Tá. I gcás go bhfuil an t-úinéir tairbhiúil ina M(H)IONAOISEACH (i.e. faoi bhun 18 mbliana d’aois), ceanglaítear le Rialachán 25(5) d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 110/2019 go mbeidh mionsonraí úinéireachta tairbhiúla an duine sin díolmhaithe ó rochtain dhíreach ag daoine ainmnithe agus ag daoine den phobal, seachas i gcás go dtugann duine ainmnithe nó duine den phobal achoimre i scríbhinn don Chláraitheoir ar na forais ar a measann sé/sí go bhfuil sé le leas an phobail an fhaisnéis sin a nochtadh dó/di.
Beidh rochtain neamhtheoranta ar na sonraí go léir sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le mionaoisigh, ag oifigigh údaraithe sa Gharda Síochána, san Aonad um Fhaisnéis Airgeadais, sa Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla, sna Coimisinéirí Ioncaim agus in údaráis inniúla (tagairt i Rialachán 24).
Déanfar na mionsonraí úinéireachta tairbhiúla de chuid mionaoisigh a tharraingt siar go huathoibríoch ó rochtain ag an bpobal agus ag daoine ainmnithe go dtí go mbainfidh an mionaoiseach 18 mbliana d’aois amach. Gan mionaoisigh a áireamh, níl aon díolúintí eile ann.
De réir Rialachán 25(5) d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 110/2019, féadfaidh duine ainmnithe nó duine den phobal iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCláraitheoir ar rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann le mionaoiseach ar úinéir tairbhiúil é/í.
Ní mór don iarrthóir achoimre a thabhairt don Chláraitheoir ar na forais ar a measann sé/sí go bhfuil sé le leas an phobail an fhaisnéis sin a nochtadh dó/di.
Is féidir iarraidh den sórt sin a sheoladh trí ríomhphost chuig: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Ní bheidh. Ní úsáidfear an UPSP ach amháin chun sonraí a fhíorú de réir mar a iontráiltear iad sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil. Ní thaifeadfar í sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil agus ní chomhroinnfear í le haon tríú páirtí.
A luaithe a fhíoraítear na sonraí a chomhdaítear leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil, déanfar an UPSP a “haiseáil” lom láithreach ach algartam do-aisiompaithe ríomhaire a úsáid agus stórálfar í go sábháilte. Ina dhiaidh sin, ní bheidh rochtain ag baill foirne an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil ná ag aon tríú páirtí ar an UPSP.
Is é an chúis a gcoimeádtar leagan haiseáilte den UPSP ná chun cur ar chumas an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil comhduithe sa todhchaí a mheaitseáil go cinnte le daoine aonair atá ar an gclár cheana féin agus dúbláil a sheachaint.
Sonraítear an méid seo a leanas i Rialachán 24(9) d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 110/2019:
“Féadfaidh:
faisnéis sa chlár lárnach a nochtadh d’aon údarás inniúil comhfhreagrach de chuid Ballstáit eile”.
Is féidir Clár RBO a rochtain trí úsáid a bhaint as an rogha Logáil Isteach / Cláraigh ag barr an tsuímh ghréasáin.
Beidh ort cuntas úr a chruthú.
Más é seo an chéad uair duit ag úsáid Tairseach RBO, ní mór duit cuntas a chruthú ar dtús.
Cliceáil ar an rogha Cruthaigh Cuntas le do thoil.
Cuir isteach do chuid sonraí mar a iarrtar agus cliceáil ar an gcnaipe cláraigh ag bun na foirme.
Tabhair do d’aire, le do thoil: Má thagann tú ar earráid maidir le cruthú cuntas b’fhéidir go ndearna tú iarracht Ainm Logála isteach atá in úsáid cheana a chlárú. Bain triail as Ainm Logála uathúil eile nó bain úsáid as do sheoladh ríomhphoist.
An bhfuil Cuntas RBO curtha ar bun agat? Mura bhfuil, cruthaigh ceann, le do thoil.
Nuair a bheidh tú ag logáil isteach ná húsáid do sheoladh ríomhphoist, úsáid an tAinm Logáil Isteach a chruthaigh tú, le do thoil.
Níl tairseacha CORE agus RBO nasctha agus is le dhá Chlár neamhspleácha agus ar leith iad. Ní mór duit cuntas úr agus ar leith a chruthú do Thairseach RBO chun í a rochtain agus a úsáid.
Caithfear gach comhdú RBO a dhéanamh ar líne.
Logáil isteach i do chuntas RBO.
Ar do Dheais, cliceáil ar an gcnaipe Tosaigh Comhdú Úr ag barr an leathanaigh
Mar mhalairt air sin, roghnaigh Comhdú Úr ó roghanna an roghchláir taoibh
Ní mór eintiteas a roghnú ar dtús, agus osclóidh an rogha sin ar thaobh na láimhe deise den fheidhmchlár
Is féidir leat an t-ainm nó an uimhir a chur isteach don eintiteas ábhartha a bhfuil sonraí Úinéireachta Tairbhiúla á gcur isteach agat ina leith. Cliceáil ar Tosaigh ansin
Más é an chéad iontráil don eintiteas, is é an t-aon rogha a thabharfar duit Cuir Úinéir Tairbhiúil Úr Leis.
Cuimhnigh cliceáil ar Sábháil agus Ar aghaidh ag bun an leathanaigh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad leathanach eile
Tabhair do d’aire, le do thoil: ní féidir leat Úinéir Tairbhiúil a scriosach mura bhfuil ann ach Úinéir Tairbhiúil amháin d’eintiteas. Cuir Úinéir Tairbhiúil isteach sula scriosfaidh tú an ceann atá ann cheana.
Beidh ort comhdú nua a thosú
Chun tosú, cuir ainm/uimhir na cuideachta isteach.
Ar bhun an chéad scáileáin feicfidh tú trí rogha, agus cliceáil ar an rogha Nuashonraigh/Bain an tÚinéir Tairbhiúil, ansin cliceáil ar Ar Aghaidh.
Cliceáil ar an gcnaipe Nuashonraigh chun a dhearbhú gur sin an rud ar mian leat a dhéanamh.
Osclófar scáileán eile, agus ligfear duit an t-úinéir tairbhiúil a roghnú ar mian leat é/í a leasú/a bhaint.
Beidh ort na sonraí pearsanta uile a chur isteach arís. Leis sin, áiritheofar slándáil agus sábháilteacht shonraí an duine atá á leasú agat.
Cliceáil ar Shábháil
*Tabhair faoi deara, má tá tú ag fáil réidh le húinéir tairbhiúil a cuireadh isteach i earráid, moltar duit an dáta céanna leis an dáta tosaigh a úsáid mar an dáta deiridh.
Ní féidir. Ar chúiseanna cosanta sonraí, níl aon saoráid ann le haghaidh dréacht d’aighneacht a shábháil i dTairseach an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil.
Déan cinnte de go bhfuil na sonraí riachtanacha go léir ar láimh agat agus tú ag tosú d’aighneachta chuig an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil toisc nach féidir na sonraí iontráilte a shábháil agus go gcaillfear iad mura gcuirtear an aighneacht i gcrích
Tá an áis leis an meirg gorm ar bharr an fheidhmchláir chun cuideachta a chuardach, de réir ainm nó de réir uimhir na cuideachta.
Feadh thaobh na láimhe clé, taispeántar roinnt deilbhíní. Is iad sin:
NB. ní mór duit eintiteas a roghnú
Féach roinn 11.12 le haghaidh tuilleadh eolais, le do thoil.
Ní mór do gach eintiteas taifead Úinéireachta Tairbhiúla amháin ar a laghad a bheith aige.
Mura bhfuil ann ach Úinéir Tairbhiúil amháin, ní mór duit Úinéir Tairbhiúil eile a chur leis sula scriosfaidh tú an ceann atá ann cheana.
I gcás gur diúltaíodh d’aighneacht, bhí sonraí le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hÚinéirí Tairbhiúla a cuireadh isteach mícheart. Tabharfar fógra i scríbhinn chomh maith faoin Ábhar Sonraí dá raibh na sonraí a cuireadh isteach mícheart.
Faoi reachtaíocht Cosanta Sonraí, ní féidir le baill foirne RBO sonraí cásanna aonair nó sonraí pearsanta a phlé le cuideachta/cumann nó láithreoir thar an nguthán nó tríd an ríomhphost. Ní fhéadfaidh Aonad RBO teagmháil a dhéanamh ach amháin leis an ábhar sonraí arb é nó í an t-úinéir tairbhiúil i ndáil lena sonraí pearsanta tríd an ríomhphost ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Má bhíonn d’aighneacht fós ag an gcéim Curtha Isteach, seans go gcaithfidh aonad RBO na sonraí a cuireadh isteach a dheimhniú
Faoi reachtaíocht Cosanta Sonraí, ní féidir le baill foirne RBO sonraí cásanna aonair nó sonraí pearsanta a phlé le cuideachta/cumann nó láithreoir thar an nguthán nó tríd an ríomhphost. Ní fhéadfaidh Aonad RBO teagmháil a dhéanamh ach amháin leis an ábhar sonraí arb é nó í an t-úinéir tairbhiúil i ndáil lena sonraí pearsanta tríd an ríomhphost ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Má bhíonn sonraí na hÚinéireachta Tairbhiúla ar fad ceart, ba cheart go gclárófaí an aighneacht faoi cheann tréimhse ghairid.
Faoi reachtaíocht Cosanta Sonraí, ní féidir le baill foirne RBO sonraí cásanna aonair nó sonraí pearsanta a phlé le cuideachta/cumann nó láithreoir thar an nguthán nó tríd an ríomhphost. Ní fhéadfaidh Aonad RBO teagmháil a dhéanamh ach amháin leis an ábhar sonraí arb é nó í an t-úinéir tairbhiúil i ndáil lena sonraí pearsanta tríd an ríomhphost ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Is féidir. Is féidir leat roinnt úsáideoirí a chruthú faoi chuntas aonair.
Chun do Phasfhocal Logála Isteach a aisghabháil:
Ní féidir, ní gá tuairisceán bliantúil a chomhdú don RBO.
Is é an t-aon riachtanas atá ann comhad a athrú nuair a tharla athrú ar liosta úinéireachta tairbhiúil inmheánach an eintitis.
Féach Ceisteanna Coitianta 11.6 maidir leis an gceanglas sonraí Úinéireachta Tairbhiúla aonáin a nuashonrú ar Thairseach RBO.
Ceanglaítear ar an gCláraitheoir um Úinéireacht Thairbhiúil leis an dlí céannacht gach úinéara thairbhiúil a fhíorú chun cloí leis an Treoir ón Aontas Eorpach lena gceanglaítear go bhfuil an clár “ leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta ”.
I gcás úinéirí tairbhiúla a bhfuil UPSP acu, fíoróidh an Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil a gcéannacht ach úsáid a bhaint as sonraí atá fíoraithe ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí cheana féin i dtaca leis an duine sin.
I gcás úinéirí tairbhiúla nach bhfuil UPSP acu, chinn an Cláraitheoir faoi Rialachán 21(2)(b), I.R. Uimh. 110/2019, gurb é Foirm BEN2 - Dearbhú maidir le Fíorú Céannachta - an modh atá le húsáid chun céannacht an duine a fhíorú.
Beidh aon Foirm BEN2 amháin ag teastáil i leith gach úinéara thairbhiúil agus, a luaithe atá sí próiseáilte go rathúil agus atá Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil eisithe ag an gCláraitheoir, beifear in ann an Uimhir sin a úsáid le haghaidh comhduithe úinéireachta tairbhiúla a dhéanamh don duine sin sa todhchaí.
Mar an Dearbhú é an BEN2 a fhíoraíonn céannacht duine, ní féidir glacadh le sínithe digiteacha nó leictreonacha ar an BEN2.
Is féidir an Fhoirm BEN2 a íoslódáil anseo: Foirm BEN2
Mar an Dearbhú é an BEN2 a fhíoraíonn céannacht duine, ní féidir glacadh le sínithe digiteacha nó leictreonacha ar an BEN2
Chun foirm BEN2 a uaslódáil
Tá físeán How-To ar fáil freisin ag: Conas BEN2 a Uaslódáil
Níl sé ar fáil ach i mBéarla
Is é is Foirm BEN2 ann ná an modh ar chinn an Cláraitheoir faoi Rialachán 21(2)(b), I.R. Uimh. 110/2019, go n-úsáidfí é chun críche céannacht an duine a fhíorú i gcás nach bhfuil Uimhir PSP Éireannach ag an úinéir tairbhiúil.
Is Dearbhú maidir le Fíorú Céannachta í Foirm BEN2. Cuimsítear i bhFoirm BEN2 ainm, dáta breithe, náisiúntacht agus seoladh an úinéara thairbhiúil. Ní mór don úinéir tairbhiúil a dhearbhú go sollúnta gur ceart agus fíor atá an fhaisnéis sin agus a chinntiú go mbeidh an Dearbhú sin fíoraithe, fianaithe agus sínithe.
A luaithe atá sí comhlánaithe agus sínithe ag an Dearbhóir (an t-úinéir tairbhiúil) agus ag an bhFinné (e.g. Nótaire Poiblí), beifear in ann Foirm BEN2 a uaslódáil chuig Tairseach an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil.
Aon eintiteas ábhartha a dteipeann air UPSP a chomhdú leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil i gcás gur sannadh uimhir den sórt sin chuig úinéir tairbhiúil, agus/nó a chuireann iarratas BEN2 isteach i gcás go bhfuil UPSP ann don úinéir tairbhiúil, beidh cion déanta aige. Tarraingítear aird air sin i Rialacháin 28(5) agus 28(7) de I.R. Uimh. 110/2019:
28(5): Aon duine, agus é nó í ag airbheartú Rialachán 20, 21, 22 nó 23 a chomhlíonadh, a thugann ráiteas atá bréagach i sonra ábhartha, agus atá eolach go bhfuil sé bréagach nó atá meargánta i dtaobh é a bheith bréagach, déanann sé nó sí cion agus dlífear –
28(7): I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoi na Rialacháin seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó cúlcheadú aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó aon oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú sa cháil sin, beidh an duine sin, agus an comhlacht corpraithe freisin, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh nó ina haghaidh agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.
Mar an Dearbhú é an BEN2 a fhíoraíonn céannacht duine, ní féidir glacadh le sínithe digiteacha nó leictreonacha ar an BEN2.
Tá Foirm BEN2 leagtha amach ina 3 chuid:
I gCuid 2 agus i gCuid 3 araon d’Fhoirm BEN2, ní mór dearbhú a dhéanamh maidir le conas a deimhníodh céannacht an duine.
Mar an Dearbhú é an BEN2 a fhíoraíonn céannacht duine, ní féidir glacadh le sínithe digiteacha nó leictreonacha ar an BEN2.
Ní mór an leagan comhlánaithe d’Fhoirm BEN2 a scanadh agus a shábháil mar chomhad PDF agus a uaslódáil chuig Tairseach an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil. Iontráil na sonraí i gcomhréir le Cuid 1 d’Fhoirm BEN2 san aighneacht le haghaidh Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil agus uaslódáil an chóip scanta PDF den leagan comhlánaithe d’Fhoirm BEN2.
Ní mór sonraí an duine, mar atá siad i gCuid 1 d’Fhoirm BEN2, a iontráil i dTairseach ar líne an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil. Ní mór an leagan comhlánaithe sínithe d’Fhoirm BEN2 a scanadh agus a shábháil mar chomhad PDF. Beidh saoráid ann i dTairseach an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil le haghaidh Foirm BEN2 a uaslódáil.
A luaithe atá sí uaslódáilte, curtha isteach agus fíoraithe, eiseoidh Aonad an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil. Seolfar an uimhir sin trí ríomhphost chuig an mBronntóir.
Eiseofar Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil tar éis d’Aonad an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil na sonraí a thugtar i bhFoirm BEN2 a fhíorú agus seolfar iad trí ríomhphost chuig an mBronntóir.
Más rud é go bhfuil úinéirí tairbhiúla breise agat don eintiteas ábhartha agus go bhfuil Uimhreacha PSP acu, féadfaidh tú leanúint le d’aighneacht dóibh agus dul ar ais chun an t-úinéir tairbhiúil nua a chur leis tar éis próiseas iarratais na hUimhreach ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil a chur i gcrích agus an uimhir a fháil.
Féadfaidh, a fhad is go bhfuil sí á húsáid agat don úinéir tairbhiúil atá ar an duine atá sainaitheanta ar Fhoirm BEN2. Is ionann í agus an Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil don úinéir tairbhiúil agus ba cheart í a úsáid le haghaidh gach gníomhaíochta a bhaineann leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil don úinéir tairbhiúil sin.
Ní bheidh, má tá sí don úinéir tairbhiúil atá ar an duine atá sainaitheanta ar Fhoirm BEN2.
Mar sin féin, ní mór iarratas a dhéanamh ar Uimhir Idirbhirt nua ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil do gach duine aonair ar úinéir tairbhiúil é/í ach nár eisíodh Uimhir PSP ina leith.
Gníomhóidh an Uimhir Idirbhirt ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil in ionad na hUimhreach PSP, ach ní ghníomhóidh sí ar an mbealach sin ach amháin d’úinéirí tairbhiúla nach bhfuil UPSP acu. Agus tú ag cur úinéir tairbhiúil nua nach bhfuil aon UPSP aige/aici leis, féadfaidh tú an Uimhir Idirbhirt ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil a úsáid in ionad na hUimhreach PSP.
Ní fhéadfar Foirm BEN2 a uaslódáil ach amháin mar chomhad scanta PDF trí Thairseach an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil.
Faoi na Rialacha maidir le Cosaint Sonraí, léirscriosfar/scriosfar aon leaganacha d’Fhoirm BEN2 a sheoltar trí ríomhphost nó aon chóipeanna crua d’Fhoirm BEN2 a fhaightear san Oifig um Chlárú Cuideachtaí/in Aonad an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil agus a gcuimsítear sonraí pearsanta/úinéireachta tairbhiúla iontu.
Cuirfear in iúl don chuideachta/don chumann nó don bhronntóir nár cheart di/dó leagan páipéir d’Fhoirm BEN2 a sheoladh trí ríomhphost, tríd an ngnáthphost nó go pearsanta i gcúinsí ar bith.
Ní fhéadfar Foirm BEN2 a chur isteach ach amháin ar líne.
Faoi na Rialacha maidir le Cosaint Sonraí, léirscriosfar aon leaganacha páipéir d’Fhoirm BEN2 a fhaightear san Oifig um Chlárú Cuideachtaí/in Aonad an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil agus a gcuimsítear sonraí pearsanta/úinéireachta tairbhiúla iontu. Má chuir tú leagan bunaidh d’Fhoirm BEN2 sa ghnáthphost, léirscriosfar é agus beidh ort leagan eile d’Fhoirm BEN2 a chomhlánú.
rfear in iúl don chuideachta/don chumann nó don bhronntóir nár cheart di/dó leagan páipéir d’Fhoirm BEN2 a sheoladh trí ríomhphost, tríd an ngnáthphost nó go pearsanta i gcúinsí ar bith.
Coinneofar Foirm leictreonach BEN2 go sábháilte ar an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil i gcomhréir le Rialachán 21(4), agus scriosfar í 10 mbliana tar éis lánscor an eintitis ábhartha.
Ní dhéanfaidh Aonad an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil Foirm BEN2 a fheiceáil agus a phróiseáil ach amháin chun críocha na sonraí a iontráladh a fhíorú agus an Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil a eisiúint. Ní bheidh aon Tríú Páirtí in ann í a chuardach nó a rochtain.
Coinneofar Foirm BEN2 go sábháilte ar an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil agus ní chuirfear ar fáil í lena feiceáil ag duine ar bith.
Ní chuirfear Foirm BEN2 ar fáil d’eagraíochtaí nó daoine a bhfuil rochtain Chiseal a hAon acu.
Cuirfear rochtain theoranta (rochtain “Chiseal a Dó”) ar shonraí sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil ar fáil dóibh seo a leanas:
Áireofar le rochtain theoranta rochtain ar na sonraí seo a leanas sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil:
Ní fheicfidh páirtithe atá i dteideal “rochtain theoranta” lá breithe ná seoladh an úinéara thairbhiúil.
Ní féidir an fhaisnéis úinéireachta tairbhiúla de chuid eintitis a rochtain ach amháin trí Thairseach an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil.
Chun amharc ar an bhfaisnéis sin, ní mór duit clárú ar dtús agus cuntas a oscailt i dTairseach an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil.
A luaithe atá tú cláraithe, is féidir leat logáil isteach i do chuntas leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil, agus ansin cuardaigh le haghaidh an eintitis ábhartha tríd an tsaoráid cuardaigh ag barr an leathanaigh a úsáid.
Agus tú ag cuardach le haghaidh an eintitis ábhartha, tabharfar an rogha chun ceannach duit.
Seiceáil an Phróifíl (ar an taobh deas den leathanach) le haghaidh sonraí na cuideachta a fheiceáil, lena n-áirítear cé acu atá sonraí úinéireachta tairbhiúla ag an eintiteas nó nach bhfuil. Más é nialas an Líon Úinéirí Tairbhiúla, is amhlaidh nár cláraíodh aon sonraí úinéireachta tairbhiúla le haghaidh an eintitis sin.
Féach an físeán ‘Treoir maidir le sonraí Úinéireachta Tairbhiúla a Chuardach agus a Cheannach’ ar an leathanach ‘Treoir’ ar an suíomh Gréasáin seo.
Seiceáil an líon úinéirí tairbhiúla i bpróifíl na cuideachta toisc go ngearrfar táille ort as tuarascáil, fiú mura mbíonn aon úinéirí tairbhiúla atá cláraithe ann don chuideachta sin.
Tar éis duit cuardach le haghaidh an eintitis ábhartha, tabharfar an rogha chun ceannach duit.
Seiceáil an Phróifíl (ar an taobh deas den leathanach) le haghaidh sonraí na cuideachta a fheiceáil, lena n-áirítear cé acu atá sonraí úinéireachta tairbhiúla ag an eintiteas nó nach bhfuil. Más é nialas an Líon Úinéirí Tairbhiúla, is amhlaidh nár cláraíodh aon sonraí úinéireachta tairbhiúla le haghaidh an eintitis sin.
Is féidir go dtógfaidh sé sin cúpla nóiméad. Ná hathnuaigh an leathanach agus ná cliceáil ar an tsaighead siar toisc gur féidir go ngearrfar táille ort faoi dhó.
Féach an físeán ‘Treoir maidir le sonraí Úinéireachta Tairbhiúla a Chuardach agus a Cheannach’ ar an leathanach ‘Treoir’ ar an suíomh Gréasáin seo.
Seiceáil an líon úinéirí tairbhiúla i bpróifíl na cuideachta toisc go ngearrfar táille ort as tuarascáil, fiú mura mbíonn aon úinéirí tairbhiúla atá cláraithe ann don chuideachta sin.
Beidh do thuarascálacha ceannaithe Úinéireachta Tairbhiúla ar fáil ar do phríomhdheais nó sna hOrduithe ar an roghchlár ar an taobh clé. Cliceáil ar an gcnaipe ‘íoslódáil’ agus roghnaigh cé acu ba mhaith leat na tuarascálacha a shábháil nó iad a oscailt.
Chinn an Cláraitheoir, de réir Rialachán 27 d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 110/2019, gurbh é €2.50 an táille a ghearrfar as rochtain ar an gclár lárnach (i.e. chun tuarascáil úinéireachta tairbhiúla a cheannach). Ní fhéadfar an táille sin a íoc ach amháin trí chárta dochair/ creidmheasa a úsáid.
Ní fhéadfar tuarascálacha úinéireachta tairbhiúla a cheannach ach amháin trí chárta dochair/creidmheasa a úsáid
Cuireadh an Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil ar bun faoin reachtaíocht um sciúradh airgid a chomhrac agus, dá bhrí sin, tá sé ar leithligh, ó thaobh an dlí de, ó Chlár na gCuideachtaí. Dá bhrí sin, ní fhéadfar Cuntas Custaiméara leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí a úsáid chun sonraí a cheannach ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil. Is trí chárta dochair/creidmheasa amháin a úsáid a fhéadfar íoc as sonraí ar an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil.
Faoi láthair, níl aon saoráid ann le haghaidh cuntas custaiméara a chruthú chun sonraí a cheannach ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil. Ní fhéadfar íocaíochtaí a dhéanamh ach amháin trí chárta dochair/creidmheasa a úsáid.
Tá Clár RBO ceaptha chun iarratais a ghlacadh agus a chlárú nuair a bheidh na sonraí uile a chuirtear isteach i gceart.
Faoi na rialacháin maidir le Cosaint Sonraí, níl rochtain ag RBO ar na sonraí pearsanta a chuireann an láithreoir isteach.
Déantar sonraí pearsanta a fhíorú i gcoinne na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta. Ní dhéantar iad a fhíorú leis an Coimisinéirí Ioncaim.
Bunaithe ar an gcéad dá sheachtain d’fheidhmiú an chláir, is iad seo a leanas na cúiseanna coitianta atá le hiarratas a dhiúltú:
Má tá ceisteanna ar bith agat maidir leis an bhfaisnéis atá cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta moltar duit teagmháil a dhéanamh leo.
Is féidir leat liosta de na hIonaid um Chlárúchán UPSP a fháil ag liosta na nIonad Clárúcháin UPSP
Mura bhfuil faisnéis an duine is ábhar na sonraí ag teacht le chéile nó má tá sé riachtanach í a leasú, is féidir leat fiosrúcháin a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta & Coimirce Sóisialaí (RGFCS) trí na céimeanna thíos a leanúint:
I rialacháin an RBO (IR 110 de 2010), tugtar ciall shonrach do 'neamhréir' agus braitheann sé ar an te a bhfuil an ‘neamhréir’ á tuairisciú aige nó aici.
Ní dhéantar foráil in IR 110/2019 ach i leith neamhréireanna nach mór do ‘dhuine ainmnithe’ nó ‘d’údarás inniúil/duine ábhartha’ iad a thuairisciú don Chláraitheoir um Úinéireacht Thairbhiúil.
I gcás ‘duine ainmnithe’, sonraítear i Rialachán 20(3)(b) má thagann duine ainmnithe agus dícheall cuí custaiméirí á dhéanamh aige ar eintiteas, nó ar bhealach eile, ar an tuairim go bhfuil neamhréir idir an fhaisnéis sa chlár lárnach (RBO) agus an fhaisnéis nach mór don eintiteas bheith aige ar a chlár lárnach um úinéireacht thairbhiúil, mar sin seachadfaidh an duine ainmnithe, in am agus i dtráth, chuig an gCláraitheoir... fógra maidir leis an tuairim sin, ina sonrófar na sonraí i ndáil leis an neamhréir thuasluaite bheith ann.
Tá sainmhíniú ar ‘dhuine ainmnithe’ curtha ar fáil in Alt 25 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010, arna leasú, agus cuimsítear ann institiúidí creidmheasa, institiúidí airgead tirim, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha, comhairleoirí cánach, soláthraithe seirbhíse réadmhaoine, casino agus duine ar bith a bhíonn ag trádáil in earraí a bhaineann le hidirbearta airgid thirim dar luach €10,000 ar an iomlán ar a laghad.
I gcás ‘duine ábhartha’, sonraítear i Rialachán 26(1) má thagann duine ábhartha ar bith ar an tuairim go bhfuil neamhréir idir an fhaisnéis a bhaineann le heintiteas ábhartha sa chlár lárnach (RBO) agus an fhaisnéis um úinéireacht thairbhiúil atá ar fáil don duine ábhartha i ndáil leis an eintiteas céanna, a mhéid nach cuireann sé isteach gan ghá ar fheidhmiú a fheidhmeanna, seachadfaidh an duine ábhartha, in am agus i dtráth, chuig an gCláraitheoir, fógra maidir leis an tuairim sin, ina sonrófar na sonraí i ndáil leis an neamhréir.
Is ionann ‘duine ábhartha’ agus údarás inniúil, an Garda Síochána, na Coimisinéirí Ioncaim nó an Biúró um Shócmhainní Coiriúla.
Is éard is Fógra um Neamhréir ann fógra foirmiúil don Chláraitheoir maidir le neamhréir, mar atá sainithe in CC 15.1 thuas, ó dhuine ainmnithe nó ó údarás inniúil/ ó dhuine ábhartha.
Shocraigh an Cláraitheoir gur féidir le húdarás inniúil/ duine ábhartha neamhréir a thuairisciú ag baint úsáid as Foirm DN1 agus ba cheart an Fhoirm DN1 a sheachadadh chuig an gCláraitheoir le ríomhphost chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Shocraigh an Cláraitheoir gur féidir le duine ainmnithe neamhréir a thuairisciú ag baint úsáid as Foirm DN2 agus ba cheart an Fhoirm DN2 a sheachadadh chuig an gCláraitheoir le ríomhphost chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Tá Foirm DN1 nó DN2 ar fáil ach iad a iarraidh ón RBO trí ríomhphost a sheoladh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.. Féach roinn 15.5 le haghaidh tuilleadh eolais, le do thoil.
Is éard is fógra um neamhréir ann fógra foirmiúil don RBO maidir le neamhréir a fhaightear idir an fhaisnéis atá i seilbh an RBO agus faisnéis eile atá ar fáil don duine ainmnithe nó don údarás inniúil/duine ábhartha.
Is ionann fógra um neamhchomhlíonadh agus an cás, i ndiaidh sonraí um úinéireacht thairbhiúil eintitis ar leith a chuardach, go bhfaigheann an duine amach nár comhdaíodh sonraí um úinéireacht thairbhiúil ar bith, agus go dtugann sé nó sí fógra don Chláraitheoir ansin gur cosúil gur theip ar an eintiteas lena mbaineann iad a chomhdú leis an RBO i gcomhréir le Rialacháin 20 agus 21 de IR 110/2019.
Duine ar oifigeach ceaptha údaráis inniúil/ duine ábhartha é nó í amháin (féach roinn 10.1 do liosta na n-údarás inniúil/daoine ábhartha) nó ar duine ainmnithe é nó í amháin faoi mar atá leagtha síos le Cuid 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010 chun tástála díchill chuí a dhéanamh.
Seol ríomhphost chuig Aonad Neamhréireanna an RBO, le do thoil, ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. leis na sonraí seo a leanas:
Cinntigh, le do thoil, go bhfuil tú ag gníomhú
Is ionann Fógra um Neamhchomhlíonadh (NCN) agus fógra oifigiúil don Chláraitheoir ina sonraítear, i ndiaidh sonraí um úinéireacht thairbhiúil eintitis ar leith a chuardach i dTairseach ar Líne an RBO, nach bhfuair an duine a rinne an cuardach sonraí um úinéireacht thairbhiúil ar bith san RBO maidir leis an eintiteas ar leith, agus go bhfuil sé nó sí ag tuairisciú don Chláraitheoir gur cosúil gur theip ar an eintiteas lena mbaineann cloí lena oibleagáidí nó lena hoibleagáidí faoi Rialacháin 20 agus 21 de IR 110/2019.
Is féidir le duine ar bith a chuardaigh sonraí um úinéireacht thairbhiúil eintitis agus a fuair amach nár chomhdaigh an t-eintiteas faisnéis ar bith leis an RBO Foirm chomhlánaithe NCN (fógra um neamhchomhlíonadh) a chur isteach chuig an RBO.
Íoslódáil agus comhlánaigh an Fhoirm NCN agus seol an fhoirm chomhlánaithe agus shínithe chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Ní ghlacfar ach le foirmeacha NCNanna a sheolfar le ríomhphost.
Ná cuir cóip pháipéar sa phost chuig an RBO.
Is féidir leat an Fhoirm NCN a íoslódáil anseo: fhoirm NCN
Gheobhaidh tú admháil maidir leis an DN1, DN2 nó NCN a chuir tú isteach.
Le haghaidh an DN1 agus DN2 tabharfar fógra duit faoin toradh i ndiaidh don RBO a imscrúduithe a chur i gcrích.
Le haghaidh an NCN tabharfar fógra duit faoin toradh i ndiaidh don RBO a imscrúduithe a chur i gcrích. D’fhéadfadh sé go nglacfadh sé sin tamall fada toisc go bhféadfadh an Cláraitheoir imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an eintitis a tuairiscíodh as neamhchomhlíonadh, agus d’fhéadfadh tamall fada bheith i gceist chun é a chríochnú. Idir an dá linn, is féidir leat leanúint le Tairseach ar Líne an RBO a sheiceáil lena fheiceáil ar comhdaíodh sonraí um úinéireacht thairbhiúil ina dhiaidh sin. (Féach roinn 13.3 maidir le conas a sheiceáil má comhdaíodh sonraí um úinéireacht thairbhiúil ar bith)
Ní féidir, ní ghlacfar ach le foirmeacha a chuirfear i bhfoirm leictreonach chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Tá cosc ar an gCláraitheoir le reachtaíocht ainm duine ar bith a thuairiscíonn neamhréir líomhnaithe di a nochtadh.