Oibreoidh an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil go hiomlán ar líne.
Is é an aidhm atá le Straitéis um Chumarsáid Dhigiteach an RBO ná faisnéis a roinnt agus a leathnú chuig páirtithe leasmhara trí réimse leathan ardán digiteach.
Cuirfidh an RBO an tábhacht a bhaineann le cumarsáid dhigiteach chun cinn trína dhéanamh níos inrochtana agus níos saibhre ó thaobh grafaicí agus amhairc de, agus trína chinntiú go mbeidh nasc díreach inti le faisnéis faoi phróiseas an RBO agus riachtanais dhlíthiúla.
Beidh an RBO ag plé leis na meáin shóisialta freisin. Déanfaidh an fhoireann a ndícheall féiniúlacht ghairmiúil láidir a chruthú don RBO trí bheith comhsheasmhach i ndearadh agus i gcur i láthair faisnéise, tuarascálacha oifigiúla agus foilseacháin; trí lógó an RBO a úsáid, trí shínithe ríomhphoist a úsáid, agus trí dhearadh láithreán gréasáin an RBO (faoi mar a thacaíonn an CRO leis).
Tugann an Straitéis um Chumarsáid Dhigiteach seo agus an Beartas i leith na Meán Sóisialta léargas ar an dóigh a mbeidh na meáin dhigiteacha agus na meáin shóisialta ina ndlúthchuid d’obair an RBO.
Is féidir leis an RBO leas a bhaint ón tús as an bhfás san úsáid dhigiteach agus sa spleáchas uirthi chun faisnéis chruinn a fháil agus a thabhairt. Cuirfidh sé ar chumas an RBO cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara go léir ar bhealach idirghníomhach a bheidh éifeachtúil ó thaobh costais de.
Leanfaidh an RBO ar aghaidh ag glacadh treorach ón Aonad um Fhorbairt Dhigiteach (DDU) laistigh den CRO, agus cloífear le straitéisí um chumarsáid dhigiteacha an CRO agus le dea-chleachtais maidir le rannpháirtíocht sna meáin shóisialta sa chaoi go mbeidh an RBO in ann a bheith réamhghníomhach agus dinimiciúil, agus lucht éisteachta spriocdhírithe a mhealladh ar bhealach soiléir, achomair.
Leagtar amach sa Straitéis seo treochlár chun spriocanna maidir le cumarsáid dhigiteach a bhaint amach ó thús an Chláir um Úinéireacht Thairbhiúil
Bainfidh an RBO úsáid as modhanna éagsúla ó thaobh cumarsáid dhigiteach chun na spriocanna sin a bhaint amach, lena n-áirítear suíomh gréasáin agus Tairseach ar líne an RBO, il-ardáin sna meáin shóisialta, ríomhiris CRO, láithreoireachtaí digiteacha go hinmheánach agus ag comhdhálacha agus ag cruinnithe nuair a bheidh deiseanna den sórt sin ann.
Bainfidh an RBO leas as saineolas DDU an CRO chun foireann uirlisí a fhorbairt mar acmhainn sna meáin shóisialta.
TÁ 3 PHRÍOMHSPRIOC ANN:
Sprioc 1: Teachtaireachtaí digiteacha soiléire, comhsheasmhacha a fhorbairt
Sprioc 2: Straitéis an RBO a fhorbairt mar acmhainn sna meáin shóisialta.>
Sprioc 3: Cumarsáid dhigiteach rialta a bhunú
Sprioc 1: Teachtaireachtaí digiteacha soiléire, comhsheasmhacha a fhorbairt
- Breac-chuntas a thabhairt ar chuspóirí an RBO maidir le húsáid na meán sóisialta
- Breac-chuntas a thabhairt ar phríomhtheachtaireacht an RBO - clárú na n-úinéirí tairbhiúla go léir
- Na ceisteanna is coitianta a chuirfear a réamh-mheas agus freagraí a thabhairt orthu
- Na ceisteanna doimhne a chuirfear a réamh-mheas agus freagraí a thabhairt orthu
- Treoirlínte soiléire a sholáthar ar phróiseas an RBO
- Féachaint chuige go mbeidh sé éasca teacht ar fhaisnéis ar Thairseach Láithreán Gréasáin an RBO
- Leas a bhaint as na Ceisteanna Coitianta mar chuid den fheachtas feasachta
- Úsáid a bhaint as lógó an RBO i ngach cumarsáid dhigiteach
- Teimpléid dearaidh a úsáid le haghaidh gach teachtaireacht dhigiteach
Sprioc 2: Straitéis an RBO a fhorbairt mar acmhainn sna meáin shóisialta
- Beartas an RBO i leith na meáin shóisialta a fhorbairt agus a chothabháil
- Prótacal i leith na meáin shóisialta a chruthú le haghaidh feachtas feasachta an RBO
- Prótacal i leith na meáin shóisialta a chruthú le haghaidh teachtaireachtaí leanúnacha faisnéise an RBO
- Dul i mbun idirchaidrimh le DDU chun acmhainní meán sóisialta a nuashonrú nó a chruthú, mar shampla físeáin nua ar conas rudaí a dhéanamh
- Dul i mbun idirchaidrimh le DDU maidir le teimpléid an RBO a úsáidfear i ngach teachtaireacht dhigiteach
- Athbhreithniú agus Nuashonrú a dhéanamh go rialta ar an Straitéis maidir le Cumarsáid Dhigiteach agus ar an mBeartas i leith na Meáin Shóisialta agus go háirithe nuair a dhéanfar athruithe
Sprioc 3: Cumarsáid dhigiteach rialta a bhunú
- Déanfaidh Foireann na Meán Sóisialta monatóireacht go tréimhsiúil ar Tvuíteanna, Teachtaireachtaí Díreacha agus theachtaireachtaí eile sna meáin shóisialta agus tabharfaidh freagraí orthu go tréimhsiúil freisin.
Measann Foireann na Meán Sóisialta go gcuideoidh an cur chuige seo ag tús an fheachtais feasachta poiblí chun an mhéid eolais a mhéadú a bheidh ar fáil maidir le faisnéis riachtanach faoin RBO
- Bainfear úsáid as an doiciméad Ceisteanna Coitianta chun freagraí tapa agus cruinne a chruthú.
- Tabharfar na Ceisteanna Coitianta cothrom le dáta chun déileáil le ceisteanna nua agus ceisteanna nár pléadh cheana de réir mar a chuirtear iad.
- Gach tráthnóna Dé hAoine, déanfar teachtaireachtaí a sceidealadh trí Hootsuite don tseachtain atá le teacht, agus cuimseoidh siad freagraí ar fhiosruithe a thagann mar thvuíteanna agus teachtaireachtaí eile ag iarraidh eolais.
- Beidh Twitter sceidealta gach lá ó 8 am go 12:30 pm
- Teagmháil a dhéanamh leis an DDU maidir leis an bhfaisnéis atá ag teastáil le haghaidh ríomhiris an CRO.
Beartas i leith na Meáin Shóisialta
Bainfidh an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil (an RBO) leas as réimse ardán sna meáin shóisialta.
Cuimseoidh an beartas seo an chaoi a n-úsáideann an RBO na meáin shóisialta faoi láthair, cad a bheifear ag súil leis ar gach ardán díobh agus conas a n-idirghníomhóidh an RBO ar gach ardán.
Tá cuntais mheáin shóisialta ceaptha ag Foireann Mheáin Shóisialta an RBO mar ullmhúchán do thosú an Chláir.
Cé go bhfuil na cuntais seo gníomhach den chuid is mó, tá an fhaisnéis a chuirtear ar na cuntais seo ag teacht leis bhfaisnéis atá ar CRO, DBEI nó Tionscnaimh um Sciúradh Airgid Chomhairle an AE, agus/nó ranna nó gníomhaireachtaí ábhartha eile atá ag gabháil don AMLD. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás Twitter áit a bhfuil cuntais eile den sórt sin bunaithe cheana féin agus iad ag plé leis an bpobal go rialta.
Bainfidh an RBO leas as ardáin na meán sóisialta seo a leanas, agus tá leasainmneacha nó ainmneacha úsáideoirí an RBO ag teacht le formáid an CRO nuair is féidir:
Twitter www.twitter.com/RBO_ie
LinkedIn https://www.linkedin.com/company/register-of-beneficial-owners/
YouTube https://www.youtube.com/channel/UCDQmZuwQDeKVY4UTmxJJ-oA
Is iad Elaine Nolan AOF agus Damien McDonnell OF Foireann na Meán Sóisialta faoi láthair.
Mar sin féin, is é an bealach is fearr chun ceist a sheoladh chugainn ná trí ríomhphost chuig: Enquiries@rbo.gov.ie nó trí leas a bhaint as an rannán “Déan Teagmháil Linn” de láithreán gréasáin an RBO a sheolfaidh do cheist ar aghaidh chuig an seoladh thuas: https://www.rbo.gov.ie/Contact-Us
Leagtar amach sna leathanaigh seo a leanas idirghníomhaíocht bheartaithe an RBO i gcás gach ardán.
Ainm: Clár Lárnaigh um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO)
Nasc: www.twitter.com/RBO_ie
ÁBHAR
Má leanann tú RBO, gheobhaidh tú:
- Scéalta nuachta agus preaseisiúintí
- Foláirimh faoi ábhar nua ar ár suíomh Gréasáin
- Faisnéis thábhachtach agus meabhrúcháin faoi spriocdhátaí nuair is infheidhme
- Ábhar ina gceiliúrtar laethanta saoire éagsúla
- Naisc chuig cainéal na Chlár Lárnaigh um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO) ar Youtube
- Naisc chuig leathanach RBO LinkedIn
- Ábhar i gcomhroinn ó chuntas an CRO
- Ábhar i gcomhroinn ó chuntas an DBEI
- Ábhar i gcomhroinn ó chuntas Chomhairle an AE/comhlachtaí ábhartha eile ar AMLD
- Ábhar eile a mheastar a bheith cuí
LEANÚINT AGUS ATVUÍTEANNA
Má leanann tú sinn, ní fhágfaidh sé sin go leanfaimid thú. Ní hionann leanúint againn (RBO) agus aon fhormhuiniú de chineál ar bith. Ní hionann atvuíteanna agus formhuiniú ach oiread.
TEACHTAIREACHTAÍ AGUS TEACHTAIREACHTAÍ DÍREACHA
Fáiltímid roimh aiseolas ónár leantóirí agus déanaimid iarracht páirt a ghlacadh sa chomhrá nuair is féidir.
I dtosach báire, nuair a thosaíonn an RBO ag feidhmiú, déanfaidh foireann na Meán Sóisialta iarracht freagra faoi leith a thabhairt ar na teachtaireachtaí a fhaightear trí Twitter.
Tógfar an freagra ar na ceisteanna sin ó Cheisteanna Coitianta atá ag an RBO cheana féin, agus beidh nasc leis an gcuid ábhartha de shuíomh gréasáin an RBO san áireamh i ngach freagra.
Maidir le haon cheisteanna nach bhfuil clúdaithe cheana féin sna Ceisteanna Coitianta úsáidfear iad chun na Ceisteanna Coitianta a nuashonrú.
INFHAIGHTEACHT
Déanaimid nuashonrú agus faireachán ar ár gcuntas ar Twitter le linn gnáthuaireanta oifige ó Luan go hAoine. Déanaimid nuashonrú agus faireachán ar an gcuntas lasmuigh de na huaireanta sin faoinár lánrogha féin freisin. Is féidir nach mbeidh fáil ar Twitter ó am go chéile agus ní ghlacaimid le freagracht ar bith as easpa seirbhíse a eascraíonn as agaí neamhfhónaimh Twitter.
Ainm: Clár Lárnaigh um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO)
Nasc: https://www.linkedin.com/company/central-rbo/
ÁBHAR
Má leanann tú RBO, gheobhaidh tú:
- Scéalta nuachta agus preaseisiúintí
- Foláirimh faoi ábhar nua ar ár suíomh Gréasáin
- Faisnéis thábhachtach agus meabhrúcháin faoi spriocdhátaí nuair is infheidhme
- Ábhar ina gceiliúrtar laethanta saoire éagsúla
- Naisc chuig cainéal na Chlár Lárnaigh um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO) ar Youtube
- Naisc chuig leathanach RBO Twitter
- Ábhar i gcomhroinn ó chuntas an CRO
- Ábhar i gcomhroinn ó chuntas an DBEI
- Ábhar i gcomhroinn ó chuntas Chomhairle an AE/comhlachtaí ábhartha eile ar AMLD
- Ábhar eile a mheastar a bheith cuí
NÓTAÍ TRÁCHTA AR AN LEATHANACH AR LINKEDIN AGUS AN BEARTAS MODHNÓIREACHTA
Glacaimid le hardán oscailte ar LinkedIn. Mar sin féin, is tuairimí daoine aonair iad na nótaí tráchta a phostáiltear ar ár leathanach ar LinkedIn agus na nótaí tráchta a fhaightear tríd an leathanach. Ní hionann iad agus tuairimí na hOifige um Chlárú Cuideachtaí. Cé go bhfáiltímid le nótaí tráchta agus le rannpháirtíocht ar an leathanach seo, ní ghlacaimid le freagracht as ábhar aon nótaí tráchta agus coimeádaimid an ceart againn chun baint a dhéanamh ar nótaí tráchta:
- a chuimsíonn teanga atá maslach, gáirsiúil, mígheanasach nó gránna, nó a nascann chuig ábhar atá gáirsiúil nó gránna
- atá neamhábhartha ar fad don mhír a postáladh ar an mballa
- a chuimsíonn caint mhaslach atá dírithe ar dhuine aonair
- arb ionann iad agus turscar nó a dhéanann táirgí a chur chun cinn nó a fhógairt
- atá ceaptha chun cur isteach ar riarthóir an leathanaigh nó ar úsáideoirí eile
I gcás sáruithe tromchúiseacha agus/nó buanseasmhacha ar an mbeartas modhnóireachta, coimeádaimid an ceart againn chun cosc a chur ar úsáideoirí nótaí tráchta breise a phostáil.
Má leanann tú sinn, ní fhágfaidh sé sin go leanfaimid thú. Ní hionann leanúint againn agus aon fhormhuiniú de chineál ar bith. Ní hionann comhrannta agus formhuiniú ach oiread.
TEACHTAIREACHTAÍ AGUS SCIAR FAISNÉISE
Má leanann tú sinn, ní fhágfaidh sé sin go leanfaimid thú. Ní hionann leanúint againn agus aon fhormhuiniú de chineál ar bith. Ní hionann comhrannta agus formhuiniú ach oiread.
INFHAIGHTEACHT
Déanaimid nuashonrú agus faireachán ar ár gcuntas ar LinkedIn le linn gnáthuaireanta oifige ó Luan go hAoine. Déanaimid nuashonrú agus faireachán ar an gcuntas lasmuigh de na huaireanta sin faoinár lánrogha féin freisin. Is féidir nach mbeidh fáil ar LinkedIn ó am go chéile agus ní ghlacaimid le freagracht ar bith as easpa seirbhíse a eascraíonn as agaí neamhfhónaimh LinkedIn.
Ainm: Clár Lárnaigh um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO)
Nasc: https://www.youtube.com/channel/UCDQmZuwQDeKVY4UTmxJJ-oA
ÁBHAR
Má thugann tú cuairt ar chainéal na hOifige um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO) ar YouTube, gheobhaidh tú:
- Naisc chuig leathanach RBO Twitter
- Naisc chuig leathanach RBO LinkedIn
- Ábhar i gcomhroinn ó chuntas an CRO
- Físeáin Chun cabhrú chun próiseas an RBO a chríochnú
- Ábhar eile a mheastar a bheith cuí
De ghnáth, díchumasaímid nótaí tráchta ar chainéal na hOifige um Úinéireacht Tairbhiúil (RBO) ar YouTube.
In amanna, is féidir go gceadóimid nótaí tráchta, agus coimeádaimid an ceart againn chun déanamh amhlaidh. Is tuairimí daoine aonair iad na nótaí tráchta a phostáiltear ar fhíseáin agus ní hionann iad agus tuairimí an Rialtais.
Ní ghlacaimid le freagracht as ábhar aon nótaí tráchta agus coimeádaimid an ceart againn chun baint a dhéanamh ar nótaí tráchta:
- a chuimsíonn teanga atá maslach, gáirsiúil, mígheanasach nó gránna, nó a nascann chuig ábhar atá gáirsiúil nó gránna
- a chuimsíonn caint mhaslach atá dírithe ar dhuine aonair
- arb ionann iad agus turscar nó a dhéanann táirgí a chur chun cinn nó a fhógairt nó atá ceaptha chun cur isteach ar riarthóir an leathanaigh nó ar úsáideoirí eile
INFHAIGHTEACHT
Déanaimid ár gcuntas YouTube a nuashonrú nuair a bheidh físeán nua ar fáil, nó déanfar monatóireacht ar an gcuntas ó am go chéile le linn gnáthuaireanta oifige ó Luan go hAoine
Is féidir nach mbeidh fáil ar Youtube ó am go chéile agus ní ghlacaimid le freagracht ar bith as easpa seirbhíse a eascraíonn as agaí neamhfhónaimh Youtube.