COVID-19
Tá an RBO fós ag feidhmiú le linn na géarchéime COVID19. Tá aighneachtaí a phróiseáil cothrom le dáta faoi láthair.
Má bhíonn aon deacracht agat na roghanna sábhála a fheiceáil ar do ríomhaire glúine, athraigh an scáileán nó laghdaigh taifeach an scáileáin
Fáilte chuig an bPríomh-Chlár um Úinéireacht Tairbhiúil Cuideachtaí agus Cumainn Tionscail agus Soláthair

Tá áis uaslódála BEN 2 beo anois agus ar fáil ar Thairseach RBO
Ceisteanna Coitianta breise curtha le Roinn 12
Ní mór an céadainm & an sloinne a iontráiltear i dTairseach an RBO a bheith díreach mar mar an t-ainm cláraithe go dlíthiúil mar ainm an duine nádúrtha, .i. an t-ainm atá cláraithe ar d'Uimhir PSP leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí .
NÍ Fíorófar an fhaisnéis thuas i gcoinne thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Úsáid a bhaint as Tairseach Chlárúcháin RBO - Conas logáil isteach, an cuntas a chruthú agus aighneacht a chomhdú
Úinéirí tairbhiúla nach bhfuil UPSP acu
Tuilleadh eolaisCúiseanna le Diúltú d’iarratas Úinéirí Tairbhiúla RBO
Tuilleadh eolaisFaoin gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil (An RBO)
Is é an RBO an stór lárnach d'fhaisnéis reachtúil a cheanglaítear ar eintitis ábhartha a choinneáil i ndáil leis na daoine nádúrtha arb iad a n-úinéirí/rialaitheoirí tairbhiúla, lena n-áirítear sonraí na leasanna tairbhiúla atá ina seilbh acu.
Is iad seo a leanas na heintitis ábhartha:
- cuideachtaí a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí 2014 nó cuideachta reatha de réir bhrí an Achta sin, agus
- cumainn tionscail agus soláthair a cláraíodh faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair 1893 go 2018.
Ní mór sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil a chomhdú leis an RBO trí thairseach ar líne.
Níl aon fhoirmeacha páipéir ná táillí comhdaithe i gceist agus níl oifig an RBO ar oscailt don phobal.
Tá suíomh gréasáin an RBO deartha chun an oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt do chuideachtaí agus do chumainn chun cabhrú leat do riachtanais a chomhlíonadh maidir le húinéireacht thairbhiúil a chomhdú.
Tá áis chuimsitheach Ceisteanna Coitianta agus áis chuardaigh forbartha againn ar an suíomh gréasáin seo a chabhróidh chun thú a threorú agus tú ag comhlíonadh na gceanglas maidir le húinéireacht thairbhiúil a chomhdú.
Ní comhairle dlí an fhaisnéis a sholáthraítear inár gCeisteanna Coitianta agus ba cheart do chuideachtaí/chumainn a gcomhairle dlí féin a fháil má bhíonn amhras orthu.